AN CHÉAD LÉACHT 1Ríthe 19:4-8
Neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá gur shroich sé sliabh Dé.
Chuaigh Éilias ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d’iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m’anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.” Ansin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: “Éirigh agus ith!” D’amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D’ith sé agus d’ól sé agus ansin luigh sé síos arís. Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt: “Éirigh agus ith nó beidh an t-aistear ró-fhada duit.” D’éirigh sé mar sin, agus d’ith sé agus d’ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.
SALM LE FREAGRA. Sm 33
Freagra : Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna:
cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir. Freagra
2. Móraigí an Tiarna mar aon liom,
agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna is d’fhreaíair sé mé,
agus shaor mé ar gach uile eagla. Freagra
3. Féachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar oraibh
is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é,
agus shaor sé é óna anacraí go léir. Freagra
4. Cuireann aingeal an Tiarna campa
thart timpeall lucht a eaglaithe, is fuasclaíonn iad.
Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
Is aoibhinn don fhear a thriallann chuige. Freagr
AN DARA LÉACHT hEifísigh 4:30-5:2
Mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost siine.
A bhráithre, ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh I gcomhair lá na fuascailte. Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t-achasán mar aon le gach mioscais. Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.
Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach, agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.
Alleluia Véarsa Eo 6: 51
Alleluia, alleluia!
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo
Alleluia!
AN SOISCÉAL Eoin 6:41-51
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.
San am sin thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t-arán a tháinig anuas ó neamh.” “Nach é seo,” a deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?” D’fhreagair Íosa: “Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,” ar sé.
“Ní féidir d’aon duine teacht chugam,
gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt,
agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.
Tá sé scríofa sna fáithe:
‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’
An té a chluineann teagasc an Athar,
agus a fhoghlaimíonn,
tagann sé chugamsa.
Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair;
ach an té atá tagtha ón Athair,
chonaic seisean an tAthair.
Amen, Amen, a deirim libh,
an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.
Mise arán na beatha.
D’ith bhur n-aithreacha manna san fhásach
agus fuair siad bás.
Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh,
i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim
is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
Is mise an t-arán beo
a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo
mairfidh sé go deo.