Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 10 Bealtaine 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Bealtaine 10 2015 Séú Domhnach den Cháisc (B)


FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MBÍOBLA


leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC


A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí


B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé agus creideamh i gCriost. Cé 


chomh úsáideach is atá an creideamh?


A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)


Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 10: 25-26, 343-35, 44-48). Doirteadh grásta an 


Spioraid Naoimh amach ar na  ciníocha fosta. Dúirt Íosa go foscailte leis an mbean 


Chanánach, neamh-Ghiúdach, nár seoladh é leis an dea-scéal a chraobhscaoileadh 


láithreach don na ciníocha neamh-Ghiúdacha ach amháin do chaoirigh caillte 


theaghlach Iosrael (Matha 15:24). Nuair a sheol Íosa an Dáréag Aspal amach ag 


seanmóireacht thug sé ordaithe dóibh mar seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na 


ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Samárach ar bith; ní hea, ach téigí faoi dhéin 


caoirigh caillte theaghlach Iosrael” (Matha10:5-6). Tháinig  sé leis na gealltanais a 


rinneadh d’Iosrael, a phobal féin, a chomhlíonadh. Díreach tar éis an aiséirí fógraíodh 


an soiscéal do Ghiúdaigh amháin. Go minic nasctar craobhscaoileadh an chreidimh do 


na ciníocha, na neamh-Ghiúdaigh, le Pól amháin agus lena thiontú chun Críost. Tá 


ceartú ar sin le fail i léacht an lae inniu. Tháinig an chéim mhór ar aghaidh dáiríre 


thart ar thráth thiontú Phóil, agus trí Pheadar agus  ghníomhú díreach an Spioraid 


Naoimh. Trí inspioráid ó Dhia chuaigh Peadar go teach feidhmeanaigh phagánaigh 


Romhánaigh i Caesarea Maritima, lárionad riarachán na Róimhe i Iúdáia, agus léirigh 


an pagánach sin gur mhaith leis iompú ina Chríostaí. Thuirling an Spiorad Naomh ar a 


raibh de phagánaigh sa teach, amhail Cincís Nua, a thug le fios do Pheadar nach 


bhfeiceann Dia chun  pearsan seachas a chéile. Níorb do Ghiúdaigh amháin an dea-


scéal. Mhínigh Peadar sin do Chríostaithe Iarúsailéim níos déanaí, agus d’aontaíodar 


Salm le Freagra (Salm 97[8]). D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú do na náisiúin.


 Dara Léacht (1 Eoin 4:7-10). Is é Dia an Grá. Sa léacht seo, mar a tharlaíonn go 


minic i Shoisceal Eoin agus i gCéad Litir Eoin, tá cur síos ar ghrá: grá Dé dúinn agus 


ár ngrá do Dhia agus dá chéile. Tá sé tábhachtach na hidéithe seo a thagann thar nais 


arís agus arís eile a chur le chéile. I dtosach báire léiríotar grá Dé dúinn in ionchollú a 


Mhic Íosa Críost, agus ina bhás do mhaithiúnas ár bpeacai. Is baill iad na creidmhigh 


de theaghlach an Athar agus a Mhic Dhiaga. Beirtear na creidmhigh, tagann siad ar an 


saol, gintear iad, trí chreideamh. Sin í an dínit, an uaisleacht, atá acu. Sa léacht seo ní 


deirtear go beacht conas a thabharfadh na fíréin grá dá chéile. Níl aon sonraí ann faoi 


seo, ach ní foláir gur chuid de cabhrú lena chéile an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil, 


na haitheanta mar a tuigeadh iad sa luatheaglais a choimeád, agus sin go léir bunaithe 


ar chreideamh i ndiagacht Chríost, Críost mar Mhac Dé. Don chomhluadar a raibh  


Eoin ag scríobh dó, bheadh aontacht, comhtháthú, na hEaglaise sin i gceist, gan ligint 


do thionchair iasachta an lámh in uachtar a fháil orthu, agus rudai eile nach iad.


Soiscéal (Eoin 15:9-17). Níl grá ag aon duine nios mó ná seo go dtabharfadh duine a 


anam ar son a chairde. An sliocht seo as Soiscéal Eoin tá an teachtaireacht chéanna 


aige a bheag nó a mhór agus a bhí ag an dara léacht inniu as Céad Litir Eoin. Tá an 


grá mar lárthéama aige, grá Dé do lucht leanúna Íosa agus aithne Íosa fanúint 


aontaithe leis féin sa ghrá. D’fhoilsigh Íosa grá an Athar, grá an Athar don chine 


daonna go léir. Foilsíodh rúndiamhair ghrá an Athar do dheisceabail Íosa ní mar rud 


dóibh féin ach mar fhírinne le fógairt don domhan mór, is é sin le rá tríd an Eaglais 


sna saolta níos déanaí. Ceapadh iad ag Íosa agus an Athair le toradh a thabhairt, 


toradh a mhairfeadh. I misean na hEaglaise níl aon áit ann do ruathar aonair ó dhaoine 


aonair carasmatacha. Ní mór don Eaglais tógáil ar Chríost, an t-aon bhunsraith, agus 


an teachtaireacht Chríostaí a chur i láthair mar a oireann don aois agus don ócáid, dílis 


don traidisiún agus oscailte don todhchaí.


B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé agus 


creideamh i gCriost. Cé chomh úsáideach is atá an creideamh?


Is í éirim léachtaí an lae inniu ná bronntanas an chreidimh, an chreidiúint féin, agus 


aitheanta Íosa dá dheisceabail ghrá a thabhairt dá chéile. Cúpla Domhnach ó shoin 


léamar i gCéad Litir Eoin faoi dhá aithne Dé: creideamh a bheith in Íosa mar Mhac 


Dé agus grá a thabhairt dá chéile. Ní shonraítear impleachtaí an ghrá, a bhfuil béim 


chomh láidir leagtha air i léachtaí an lae inniu, ach is léir go leanann as tacaíocht a 


thabhairt do chreideamh i gCríost agus do chleachtadh an creidimh sin. Rinne an 


luatheaglais, mar is léir ó Íosa féin agus litreacha Phóil, tagairt don chúram ba chóir a 


bheith dóibh siúd a raibh a gcreideamh i gCríost nó san eaglais i mbaol. Labhraíonn 


Íosa (Matha 18:6) fúthu mar “daoine beaga (miondaoine; “rudaí beaga”) a chreideann 


ionam” agus a thromchúisí is a bheadh sé scannal a thabhairt dóibh. Ní páistí a bhí i 


gceist; ní raibh leannaí i measc deisceabal Íosa agus ní raibh baisteadh leannaí ann 


ansin. Is é a bhí iontu ná lucht leanúna leochaileacha a bhféadfaí a chur ar strae go 


héasca. In eaglaisí Phóil bhí daoine ar a dtugann Pól “daoine láidre” agus “daoine 


laga” orthu maidir le cúrsaí coinsiasa agus creidimh, agus tugann sé rabhadh láidir 


gan coinsias nó creideamh na lag a ghortú, ach a mhalairt, iad a neartú. Tugann 


léachtaí Dhomhnach an Aoire Mhaith, a cheiliúramar cúpla seachtain ó shoin, deis 


dúinn machnamh a dhéanamh ar theachtaireacht na léachtaí sin dár lá féin. Nuair a bhí 


sé ag labhairt faoi féin mar an Aoire Fónta dúirt Íosa: “Ní thagann an gadaí ach chun a 


bheith ag goid, ag marú agus ag sloid. Tháinig mise le go mbeadh beatha acu agus go 


mbeadh sé go fial, fairsing acu”. Beatha go fial, fairsing, mar sin,  teachtaireacht Íosa. 


Ach an lá atá inniu ann cuirtear i láthair an Chríostaíocht, nó ar a laghad an 


Caitliceachas, mar a mhalairt ar fad, mar fhórsa leatromach, a éilíonn saoirse uaidh le 


go mbeadh dul chun cinn ceart daonna againn. Tá na fórsaí iar-Chríostaí agus frith-


Chríostaí sin ag feidhmiu go tréan inár measc an lá atá inniu ann. 


Tugann na léachtaí seo cuireadh agus deis dúinn machnamh a dhéanamh ar na 


buntáistí atá ag an teachtaireacht Chríostaí leis an bheatha fhial, fhairing, dhaonna  


sin, nach nglacfadh sciar maith de chultúr an lae inniu leis. Is teachtaireacht agus fís í 


a oirfeadh bheith curtha os comhair Críostaithe an lae inniu, le go mbeadh meas acu ar 


a  dtraidisiún, agus chomh maith céanna os a gcomhair siúd nach cuid den chreideamh 


iad. Freagra a bheadh ann ar an gceist a cuirtear inniu: “Cad is fiú cráifeacht, 


creideamh, nó reiligiún ar bith i saol an lae inniu?”  Cuireadh an cheist, is dócha, sa 


luatheaglais féin, agus sórt freagra uirthi sa chéad litir go Timóid maidir le daoine a 


mheas gur údar saibhris í an chráifeacht.  Dar leis an litir sin (1 Tiomóid 6:6) is mór 


an t-údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid. Scríobh 


Naomh Agaistín saothar faoin dteideal “Tairbhe an chreidimh”, scríbhinn nach bhfuil 


bainteach le saol an lae inniu mórán toisc go bhfuil sí dírithe ar na fadhbanna a eascair 


ó éirse na Manaichéach. Ach aon reiligiún a chreideann gur tháinig Críost, an tAoire 


Maith, agus go bhfuair sé bás le beatha a thabhairt, agus í a thabhairt go fial, ba choir 


dó bheith réidh áitiú go láidir ina gcoinne siúd a bhfuil a mhalairt de thuairim acu. Bhí 


leas an duine aonair, agus an chine dhaonna, lárnach do bheatha agus theagasc 


Chríost. Leigheas sé na heasláin agus thug sé an chumhacht seo, agus a bhaineann 


leis, do na hAspail, agus don eaglais.  Níl fíor-reiligiún, fíor-chreideamh,  


ceartchreideamh, ortodocsacht, níl sé sin coimeádach. A mhalairt ar fad. Ionann 


ortodocsacht, ceartchreideamh, agus smaointe cearta, agus an gníomh ceart a leanann 


as, faoi Dhia  agus faoin Aoire Fónta, agus faoi chúrsai an tsaoil..


 Ní hamháin nach bhfuil an ortodocsacht, ceartchreideamh, coimeádach, ach go 


bhfuil sé  forchéimneach, réabhlóideach sa chiall is fearr den fhocal sin, ag tabhairt 


athraithe isteach faoi mar is gá. Thug Íosa, an tAoire Maith, a theachtaireacht mar ba  


thoil leis an Athair, ar dtús do na Giúdaigh, pobal tofa Dé féin. In am tráth ghluais an 


Eaglais, faoi stiúir an Spioraid Naoimh (agus ní  gan crá agus cuardach croi pianmhar) 


thar an Giúdachas amach le bheith mar chreideamh uilí don domhan uile, gan dlí 


Mhaois agus a bhain leis. D’fhan an Eaglais dílis dá misean le haire a thabhairt do na 


boicht agus dóibh san faoi leatrom. Thug sí seirbhís d’uasal agus íseal, don ghnáth-


duine agus don lucht léinn. Tugann creideamh i nDia agus in Íosa a sheol Dia uaidh 


treoir don bheatha, agus teagasc faoin saol le teacht. Maidir le teagasc faoi chúrsaí 


gnéis tá sí cáinte go géar, ach tá cuid den cháineadh  seo  dírithe ar a staid ar 


ghníomhartha a bheadh ar chéim íseal maidir le cúrsaí gnéis. Baineann moráltacht 


ghnéis le gníomhartha ó éigniú ar thaobh amháin go dtí smaoine drúiseacha, mar a 


dtugtaí orthu tráth, ar an dtaobh eile. Ní thógann faillí sna gníomhartha is ísle as do 


theachtaireacht mhoráltacht an ghnéis inti féin. D’fhéadfaí dul ar aghaidh gan stop ar 


an ábhar seo: tairbhe an chreidimh agus tairbhe sa chreidiúint. Baineann sé le hábhar a 


riarann beatha iomlán an duine aonair agus a bheatha shoisialta chomh maith. 


Seo an taobh dearfach den scéal seo. Ar an dtaobh diúltach de tá a fhios againn 


nach bhfuil stair na Críostaíochta gan a taobh peacach, ach peacaí a thabhartar chun 


solais de bharr a teachtaireachta féin, nó ar a laghad a admhaítear dá barr sin. Ach mar 


sin féin is fiú machnamh domhain a dhéanamh ar shaibhreas na teachtaireachta 


Críostaí, agus sin gach Domhnach ag éisteacht leis na léachtaí agus ag cur ceiste 


orainn féin faoi mar atá siad bainteach le saol suaite an lae inniu, ag machnamh ar an 


gcomhairle a thugann Céad Litir Naomh Peadar dúinn (1 Peadar 3:15): “Bígí réidh i 


gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt ar 


an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim”.

© Cumann na Sagart 2020