Léachtaí an Aifrinn, 29 Samhain 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD DOMNACH DEN AIDBHINT – Bliain C

AN CHÉAD LÉACHT           Irimia 33:14-16
Cuirfidh mise d’fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví.

Féach, tá na laethanta ag teacht – an Tiarna a labhraíonn – agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:

‘Sna laethanta sin agus san am sin
cuirfidh mise d’fhiacha ar Bheangán fíréanta
fás suas do Dháiví,
agus cleachtfaidh sé macántacht agus ionracas sa tír
sábhálfar Iúdá sna laethanta sin
agus mairfidh Iosrael i ndóchas.
Agus is é seo an t-ainm a thabharfar ar an gcathair:
An Tiarna Ár bhFíréantacht.’

SALM LE FREAGRA.         Sm 24 Freagra :                                Chugatsa a thógaim m’anam, a Thiarna.

  1. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,
    agus teagasc dom do rianta.
    Treoraigh mé d’fhírinne agus teagasc mé
    óir is túsa, a Dhia, mo Shlánaitheoir.   
    Freagra
  2. Is maith is is díreach é an Tiarna.
    Taispeánann sé an tslí do na peacaigh.
    Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht;
    múineann sé a shlí do na bochtáin   
      Freagra
  3. Buanghrá is dílseacbt cosáin uile an Tiarna
    dóibh gcomhlíonann a chonradh is a aithne.
    Tá gean an Tiarna orthu a dtugann urraim dó
    is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.   
    Freagra

AN DARA LÉACHT:               1 Teasalónaigh 3:12-4:2
Go ndaingní an Tiarna bhur gcroíthe sa naofacht ar theacht dár dTiarna Íosa. 

A bhráithre, go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh. Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.

Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne – conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim ag iarraidh mar achainíanois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós. Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.

Alleluia – Sm 84:8

Alleluia, alleluia!
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire,
agus tabhair dúinn do shlánú
Alleluia!

AN SOISCÉAL:                   Lúcás 21:25-28, 34-36
Tá bhur bhfuascailt in aice láimhe.

S

an am sin dúirt Íosa lena dheisceabail “Beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; daoine i bhfantaisí éaga de bharr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus le glóir mhór. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in aice láimhe.

Ach tugaigí aire daoibh féin gan ligean do bhur gcroí éirí garbh de bharr ragairne nó meisce nó cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar bhur gcumas dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”

© Cumann na Sagart 2020