Léachtaí an Aifrinn, roimh 28 Feabhra 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:          Exodus 3:1-8.13-15
An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.

Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.  Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d’fhéach sé agus b’shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.  “Caithfidh mé dul i leataobh,” arsa Maois, “agus an radharc iontach seo a fheiceáil – cen fáth a bhfuil an tor gan do.”  Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: “A Mhaois, a Mhaois!” “Anseo dom,” ar sé.  “Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”  “Is mise,” ar sé ansin, “Dia d’athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.” Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia.
Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.  Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

Ansin dúirt Maois le Dia: “Má théim go clann Iosrael agus a rá leo: ‘Dia bhur n-aithreacha a chuir mise chugaibh,’ agus go bhfiafraíonn siad díom: ‘Cén t-ainm atá air?’ céard a déarfaidh mé leo?”  Dúirt Dia le Maois: “Is mé an te atá ann,” agus lean sé air: “agus abair é seo le clann Iosrael: ‘An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.’”

Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m’ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m’ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin.

SALM LE FREAGRA.          Sm 102
Freagra :                                Is grámhar trócaireach é an Tiarna.

I.  Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
beannaíodh a bhfuil istigh ion am a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
agus ná déan dearmad dá thíolaicí go léir.   
 Freagra

2. Eisean a mhaitheann do chionta go léir,
a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha ón mbás,
a chorónaíonn thú le grá is le trua.                   
Freagra

3. Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm,
túgann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.
Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois
agus a ghníomhartha do chlann Isráél.           
 Freagra

4. Is grámhar trócaireach é an Tiarna.
foighneach agus lán de cheansacht.
Ní airde neamh os cionn talún
na méid a bhuanghrá do lucht a eaglaithe.    
  Freagra

AN DARA LÉACHT:                 1Coirintigh 10:1-6.10-12
Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne.

Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir, agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois. Chaith siad uile an bia spioradálta céanna   agus d’ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí á leanúint – agus ba é Críost an charraig sin. Mar sin féin ní raibh Dia buíoch dá bhformhór agus dá chomhartha sin fágadh sínte iad faoin bhfásach.

Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd. Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad.

Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n-aoiseanna. Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé.

Véarsa                                       Mth 4: 17

‘Deanaigi aithri,’ a deir an Tiarna,
‘mar ta riocht na bhflaitheas in achmaireacht.’

SOISCÉAL:                               Lúcás 13:1-9
Mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.

San am sin féin tháinig daoine I láthair á insint D’Íosa faoi na Gailíligh, go raib Piolát
éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile. Dúirt sé leo á bhfreagairt:  “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d’áitritheoirí Iarúsailéim? Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”

Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair. Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’ Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: ‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis, agus b’fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’”

© Cumann na Sagart 2020