FÉILE BHAISTEADH ÁR dTIARNA
AN CHÉAD LÉACHT: Íseáia 40:1-5.9-11
Foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile duine í in éineacht.
“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”
a deir bhur nDia.
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di
go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,
go bhfuil a peaca maite,
go bhfuair sí ó láimh an Tiarna
pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Tá glór ag fógairt:
Suas leat ar shliabh ard,
a challaire an dea-scéala chuig Síón.
Ardaigh do ghlór go láidir,
a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.
Ardaigh do ghlór gan eagla,
abair le bailte Iúdá:
“Seo é bhur nDia.”
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,
agus a lámh ag smachtú roimhe!
Tá a luach saothair leis ina sheilbh,
agus a éadáil ag dul roimhe amach.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,
ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn,
á n-iompar ar chlár a uchta
agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
SALM LE FREAGRA. Sm 103
Freagra Beannaigh an Tiarna, a anam liom!
A Thiarna Dia, is rómhór tú go dearfa
1. Beannaigh an Tiarna, a anam liom!
A Thiarna Dia, is rómhór tú go dearfa;
tá tú éadaithe i maorgacht agus maise;
tá tú gléasta le solas mar le fallaing.
Leath tú na spéartha mar bhrat botha. Freagra
2. Thóg tú d’áras os cionn na díleann.
Bíonn na néalta agat mar charbad
ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.
Déanann tú teachtairí de na gaotha,
agus timirí den tine lasrach. Freagra
3. Nach líonmhar iad d’oibreacha, a Thiarna!
rinne tú gach aon ní le heagna;
is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.
Féach an fharraige is í ar leathadh go fairsing
is ag cur thar maoil le créatúir gan áireamh,
dúile beo, idir bheag agus mhór. Freagra
4. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort;
chun iad a bheathú in am trátha.
Cruinníonn siad le chéile a dtugann tú dóibh;
leathann tú do lámh agus líontar iad. Freagra
5. Má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad,
agus casann siad ar an luaithreach as úire.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait cruthaítear iad;
agus athnuann tú aghaidh na talún. Freagra
AN DARA LÉACHT Tit 2:2:11-14, 3:4-7
Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh.
Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost. Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh. Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost ár slánaitheoir chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.
Alleluia Véarsa Lk 3:16
Alleluia, alleluia!
Tá an duine ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh;
baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.Alleluia!
AN SOISCÉAL: Lúcás 3:15-16. 21-22
Nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis.
San am sin ´ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb’fhéidir gurbh é an Críost é, d’fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
_____________________________________________________
BLIAN C LÉACHTAÍ EILE
AN CHÉAD LÉACHT: Íseáia 42:1-4.6-7
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó,
mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis.
Glaoch ná gáir ní chuireann sé as,
ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é
Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,
chun súile na ndall a oscailt,
SALM LE FREAGRA. Sm 28
Freagra Beannóidh an Tiarna a phobal le síocháin.
I. Tugaigí don Tiarna, a chlann Dé,
tugaigí don Tiarna clú agus cumhacht.
Tugaigí don Tiarna glóir a ainm.
Adhraigí an Tiarna ina phálás naofa. Freagra
2. Tá glór an Tiarna ar an uisce,
ta an Tiarna ar na huiscí móra.
Tá glór an Tiarna go lánchumhachtach,
tá glór an Tiarna go lánmhaorga. Freagra
3. Tá Tiarna na glóire ag toirneach.
Cluintear ‘GIóir!’ ó gach aon neach ina theampall.
Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann;
tá an Tiarna ina rí go brách. Freagra
AN DARA LÉACHT Gníomhartha na nAspal 10:34-38
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt le Cornéilias agus lena theaghlach: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d’fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost – an té atá ina Thiarna ar chách uile. Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
Alleluia Véarsa Mc 2: 14
Alleluia, alleluia!
Osclaíodh na flaithís agus cloiseadh glór an athar, á rá:
‘Is é seo mo Mhac muirneach: éstigí leis.
Alleluia!
AN SOISCÉAL: Lúcás 3:15-16. 21-22
San am sin ´ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb’fhéidir gurbh é an Críost é, d’fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”