AN CHÉAD LÉACHT : Deotranaimí 30:10-14
Tá an briathar an-ghar duit le comhlíonadh.
Dúirt Maois lesi an bpobal: má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán.
“Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air. Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?” Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?” Ní amhlaidh atá; tá an briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí agat le comhlíonadh.
SALM LE FREAGRA. Sm 68
Freagra : Cuardaigh an Tiarna, a dhaoine ísle,
agus athbheofar bhur gcroí
1. Chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna,
an uair is mian leat féin.
Éist liom de réir do bhuanghrá
agus do chúnaimh chinnte.
Freagair mé as ucht do dhilghrá, a Thiarna;
iompaigh chugam de réir do thrócaire. Freagra
2. Maidir liomsa, nuair is daibhir dobrónach mé,
tógadh do chúnamh mé, a Dhia.
Molfaidh mé ainm Dé le hamhrán;
déanfaidh mé é a mhóradh le haltú buíochais. Freagra
3. Beidh áthas ar na hísle nuair a fheicfidh siad é;
athbheofar croíthe lucht cuardaithe an Tiarna.
Éisteann an Tiarna leis na daoine bochta,
is ní thugann droim láimhe da bhraighdeanaigh. Freagra
4. Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradh
agus atógfaidh sé cathracha Iúda.
Beidh siad ina n-oidhreacht ag sliocht a sheir bhíseach,
ag an muintir a thugann grá dá ainm. Freagra
AN DARA LÉACHT : Colosaigh 1:15-20
Is trí an Chríost a cruthaíodh an t-iomlán.
Is íomhá den Dia dofheicthe é
agus céadghin gach dúile cruthaithe
mar is trídsean a cruthaíodh
a bhfuil ar neamh agus ar talamh
bídís sofheicthe nó dofheicthe,
idir Thróin agus Thiarnais
idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.
Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
Tá tosach aige orthu uile
agus is ann a choinnítear ar bun iad.
Is é ceann an choirp é,
ceann na hEaglaise.
Is é an tús é,
an chéadghin ó mhairbh
i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
Mar is ann ab áil
le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
agus is trídsean ab áil leis
gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt chun athmhuintearais leis féin.
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
Nó Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
Soiscéal Lúcás 10:25-37
Agus cé hé mo chomharsa?
San am sin d’éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?” D’fhreagair sé agus dúirt: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’” Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.”
Ach ó b’áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?” Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é, agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’ Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?” Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”