AN TRÍÚ DOMNACH DEN AIDBHINT
An Chéad Léacht: Íseáia 35:1-6. 10
Is é Dia féin atá ag teacht do bhur slánú.
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir,
bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth;
tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch,
déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
Maise na Liobáine tugtar dó,
scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin;
beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo
agus scéimh an Dé seo againne.
Déanaigí láidir na lámha atá faonlag
agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;
abraigí le lucht an chroí mhearaithe:
“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.
Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,
tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;
Dia atá ann ag agairt a chúitimh,
agus é ag teacht do bhur slánú.”
Déanfar a súile do na daill an uair sin
agus réiteofar cluasa na mbodhar;
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann
agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.
agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é.
Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas,
agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann;
tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,
agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
Salm le Freagra Sm 145
Freagra Tar, a Thiarna, dár slanú.
Malairt Freagra : Alleluia!
I. An té a sheasann lena bhriathar de shíor,
agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois,
is é a thugann bia don ocrach:
is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh. Freagra
2. Osclaíonn sé súile na ndall,
tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthfoch,
déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach. Freagra
3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan,
ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin. Freagra
An Dara Léacht Séamus 5:7-10
Ná biodh drochmhisneach oraibh; is gearr go dtaga an Tiarna.
B
íodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach. Bíodh foighne agaibhse chomh maith. Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna lámh linn. Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais. A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne.
Alleluia vérsa Lc 4: 18
Alleluia, alleluia!
Tá Spiorad an Tiarna orm.
Chuir sé uaidh mé
ag tabhairt an dea-scéil do na bochta.
Alleluia!
An Soiscéal : Matha 11:2-11
An tü an té atá le teacht no an ceart damn bheith ag súil le duine eile?
San am sin chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”
Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d’Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”
Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth? Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad. Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’ “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.