AN CEATHRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT
An Chéad Léach: Íseáia 7:10-14
Ta an óghbhean ag iompar.
Labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt: “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.” D’fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.” Ansin dúirt sé:
“Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,
an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine
go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.
Seo, tá an ógbhean ag iompar
agus ar tí mac a shaolú,
agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
is é sin, “tá Dia-linn.
Salm le Freagra : Sm 23
Freagra Tagadh an Tiarna isteach! Is e Rí na glóire é.
I. Leis an Tiarna an chruinne agus a bhfuil inti:
an domhan go léir agus a maireann ann.
Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é,
agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é. Freagra
2. Cé a rachaidh suas ar chnoc an Tiarna?
Cé a bheidh ina sheasamh ar a láthair naofa?
An té a bhfuil lámha gan smál agus croí glan aige,
an té ar beag air nithe gan tairbhe. Freagra
3. Beidh beannacht an Tiarna ar an té sin
agus luach saothair ó Dhia a shlánaitheoir.
A leithéid siúd a bhíonn á lorg,
a bhíonn ar thóir Dhia Iácób. Freagra
An Dara Léacht Rómhánaigh 1:1-7
losa Críost, de shliocht Dháivi, Mac Dé.
Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé. An dea-scéal seo, a gheall Dia roimh ré trína chuid fáithe sna scríbhinní naofa, 3 is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví: ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh. Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile. Orthusan chomh maith tá sibhse a bhfuil glaoite oraibh chun bheith ina sheilbh ag Íosa Críost. Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
Alleluia Mth 1:23
Alleluia, alleluia!
Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh si mac
agus bhéarfar Emmanúél mar ainm air
-ainm a chiallaionn ‘tá-Dia-linn’.
Alleluia!
An Soiscéal : Matha 1:18-24
Seasfaidh flaitheas Dháivi go daingean i la’thair an Tiarna.
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do I mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air”– ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.