AN CHÉAD LÉACHT: Zachária 12:10-11. 13:1
Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.
Mar seo a labhraíonn an Tiarna: “Doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine. Ar an lá sin, déanfar caoineadh mór in Iarúsailéim cosúil leis an gcaoineadh a dhéantar ar son Hadad Rimeon ar mhá Mhigideo. “Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d’áitritheoirí Iarúsailéimchun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.
SALM LE FREAGRA. Sm 62
Freagra : Tá íota tarta ar m’anam chugat, A Thiarna, a Dhia liom.
I. A Dhia, mo Dhia thú;
iarraim thú go dícheallach.
Tá íota tarta ar m’anam chugat,
santaíonn mo cholainn thú
amhail talamh atá tirim is spalptha cheal uisce. Freagra
2. Is mar sin a bhím ag breathnú ort sa sanctóir,
chun go bhfeicfinn do chumhacht is do ghlóir.
Óir is fearr do bhuanghrá ná an bheatha.
Fógróidh mo bheola do mholadh. Freagra
3. Mar sin a bheannóidh mé thú le mo bheo,
i d’ainmse a thógfaidh mé mo lámha.
Líonfar m’anam mar le fleá,
is molfaidh mo bhéal thú le beola lúcháireacha. Freagra
4. Óir tháinig tú i gcabhair orm,
agus gairdím faoi scáth do sciathán.
Tá m’anam ag cloí leat go dlúth,
coinníonn do dheaslámh suas mé. Freagra
AN DARA LÉACHT: Gal 3:26-29
Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige
A bhráithre, mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost. Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa. Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n-oidhrí aige de réir mar a bhí geallta.
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
AN SOISCÉAL: Luke 9:18-24
Is tusa Críost Dé. Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt
Aon lá amháin agus Íosa i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d’fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.” Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.” Ach d’ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine, agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.” Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é.