Léachtaí an Aifrinn, 2 Deireadh Fómhair 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT: Habacúc :1:2-3; 2:2-4
Mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.

Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort

agus nach n-éistfidh tú liom

nó ag éamh “Foréigean!”

agus nach bhfuasclóidh tú sinn?

Cad chuige nach dtaispeánann tú dom

ach an urchóid amháin?

Cén fáth a mbíonn tú féin

ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom?

Déantar slad agus foréigean os mo chomhair

agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.

Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:“Scríobh síos an fhís;déan í a ghreanadh ar leacaionas go mbeidh sé furasta í a léamh.Óir is le haghaidh a hionú féin amháina tugadh an fhís seo;tá sí ag tnúthán lena comhlíonadhagus ní dhéanfaidh sí bréag.Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;ní theipfidh uirthi choíche.
Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;
ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”

SALM LE FREAGRA.  Sm 94
Freagra :                         Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniú: ‘Ná calcaigí bhur gcroí’

1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.Tagaimis ina láthair le moltaí,déanaimis gairdeas dó le laoithe.                                Freagra

2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,feacaimis ár nglúiiné don Tiarna a rinne sinn.Óir is é ar nDia é, agus is sinnepobal a aoireachta agus caoirigh a lámh.                   Freagra

3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniú:
‘Ná calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba,
mar a tharla an la lid ag Masá san fhásach
mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’  
 Freagra

AN DARA LÉACHT:    2 Timóteas1:6-8. 13-14
Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna 

A bhráithre, ionúin táim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort. An spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta. Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia. An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa. An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosáin é le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonnionainn.

Alleluia Véarsa             1Sam3:9, Eo 6:68
Alleluia, alleluia!Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.Is agatsa atá briathra na beatha síoraíAlleluia!

AN SOISCÉAL:             Lúcás 17: 5-19
Méadaigh an creideamh againn

 San am sin dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.” Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.

“Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’? Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’? An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe? Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d’fhiacha orainn a dhéanamh.’” 

© Cumann na Sagart 2020