Léachtaí an Aifrinn, 21 Lúnasa 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:  Íseáia 66:18-21
Tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir go dtí mo shliabh beannaithe.

Seo mar a deir an Tiarna:  Tá mé ag teacht chun ciníocha na n-uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir. Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir. Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir – ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta – go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna. Agus cuid acu, déanfaidh mé sagairt agus Léivítigh díobh dom féin, a deir an Tiarna.

SALM le Freaga.           Sm 116
Freagra :                           Imígí faoin domhan uile; fógraígí an dea-scéal.
Malairt freagra;            Alleluia!

Molaigí an Tiarna, a chiníocha uile;
moladh na náisiúin go léir é.                                     
Freagra

Óir is daingean é go deimhin, a bhuanghrá dúinn;
maireann a dhílseacht go brách.                               
Freagra

AN DARA LÉACHT:        Eabhraig12:5-7
Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht.

A bhráithre, tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú. Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.” Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air? Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd. Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.

Alleluia Véarsa             Eo 14:5, 6       
Alleluia, alleluia!
‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna:
‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia

AN SOISCÉAL:                      N.Lúcás 13:22-30
Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.

Seo mar a bhí Íosa ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo: “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é. Tar éis d’fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’ Beidh sibh á rá ansin: ‘Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.’ Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’ Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.

Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”

© Cumann na Sagart 2020