AN CHÉAD LÉACHT: leabhair na Seanfhocal 8:22-31
Sular cruthaíodh an domhan féin, rugadh an Eagna
Dúirt Dia:
“Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,
roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,
i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.
Ní raibh na duibheagáin fós ann,
ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.
Sular cuireadh na sléibhte ina n-áit,
sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;
De bhrí nár thóg sibh ceann d’aon chomhairle do mo chuid,
agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás
agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,
Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme,
agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.
Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil;
lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.
Óir bhí fuath acu don eolas,
agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.
Ní ghlacfaidís le comhairle uaim,
agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh,
agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.”
SALM LE FREAGRA. Sm 8
Freagra : A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d’ainm
ar fud na cruinne!
1. Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar,
an ré agus na réaltaí a rinne tú,
cad is duine ann go dtógfá ceann de,
na mac an duine go ndéanfa curam de? Freagra
2. Is beag nach ndearna tú dia de;
chuir tú barr glóire agus gradaim air.
Thug tú ceannas ar oibreacha do himh dó,
agus chuir tú gach aon ní faoina chosa. Freagra
3. Caoirigh agus eallach agus eile,
agus ainmhithe uile an mhachaire;
éanlaith an aeir agus iasc na mara
agus a ngluaiséann ar raonta na farraige. Freagra
AN DARA LÉACHT: Romanaigh5:1-5
Cuig Dia trí Chríost sa ghrá a thug an Spiorad dúinn.
A bhráithre, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.
Alleluia Apac 1:8
Alleluia, alleluia!
Glóir don Athair, don Mac agus don Spiorad Naomh,
do Dhia, an té ata, a bhí agus atá le teacht.
Alleluia!
AN SOISCÉAL: Eoin 16:12-15
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é. ‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’
Dúirt Íosa leis na deisceabail:
Tá mórán eile le rá agam libh,
ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,
déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.
Óir ní as féin a labhróidh;
labhróidh sé na nithe a chuala sé,
agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
Tabharfaidh sé glóir domsa,
óir is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é.
Uime sin a dúirt mé:
‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.’