Léachtaí an Aifrinn, 24 Eanáir 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:          Nehimia 8. 2-6,8-10
Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí agus dtuigfidís a raibh á léamh.

Thug Eazrá an sagart leabhar an dlí amach go dtí an comhthionól d’fhir agus de mhná agus de dhaoine óga a d’fhéadfadh é a thuiscint. An chéad lá den seachtú mí a bhí ann. Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d’fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D’éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.

Agus bhí Eazrá an scríobhaí ina sheasamh ar ardán adhmaid a tógadh le haghaidh na hócáide. Agus d’oscail Eazrá an leabhar i radharc an phobail uile mar bhí sé in airde os a gcionn go léir. Agus nuair a d’oscail sé é, d’éirigh an pobal go léir ina seasamh. Ansin thug Eazrá moladh don Tiarna, Dia mór, agus d’ardaigh an pobal go léir a lámha agus d’fhreagair siad: “Amen! Amen!” agus chrom siad síos agus shléacht siad go talamh roimh an Tiarna. Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí, agus thug aistriú agus míniú orthu don phobal ionas go dtuigfidís a raibh á léamh.

Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.

Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige.

SALM LE FREAGRA.          Sm 18 Freagra                                     Na focail atá ráite agat linn, a Thiarna,
is spiorad agus is beatha iad.

1. Tá dlí an Tiarna go foirfe,
tugann sé fortacht don anam;
tá foráil an Tiarna go daingean,
tugann sí teagasc do na haineolaigh.   
Freagra

2. Tá proiceapta an Tiarna go díreach,
cuireann siad áthas ar an gcroí;
tá aithne an Tiarna go glan,
tugann sí solas don tsúil.                      
 Freagra

3. Tá eagla an Tiarna go híon
ag maireachtáil de shíor;
tá breitheanna an Tiarna go fíor,
is tá siad uile go cóir                               
Freagra

4. Go raibh briathra mo bhéil
agus smaointe mo chroí
taitneamhach i do láthairse, a Thiarna;
mo Charraig thú is mo Shlánaitheoir. 
Freagra

AN DARA LÉACHT      1Coirintigh 12:12-30
Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh.

Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.

Ní aon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball. Má deir an chos: “Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í. Nó má deir an chluas: “Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í. Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t-iomlán cá mbeadh an boladh? Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é. Dá mba aon bhall amháin an t-iomlán acu, cá mbeadh an corp? Is amhlaidh mar atá an scéal, áfach: tá mórán ball ann agus aon chorp amháin.

Más ea, ní féidir don tsúil a rá leis an láimh: Níl aon ghnó agam díotsa”; ná ní féidir
don cheann a rá leis na cosa: “Níl aon ghnó agam díbhse.”
Ní hea, ach na baill a bhfuil
an chuma is leochailí orthu, is iad is riachtanach.
Agus na baill den chorp is lú gradam
linn, is iad is onóraí a chóirímid; agus na baill is lú maise atá againn is iad is cuibhiúla a mhaisítear, rud nach gá a dhéanamh dár mbaill mhaisiúla. Chuir Dia an corp le chéile sa tslí gur thug sé breis den ghradam don bhall a bhí á cheal, ar shlí nach mbeadh aon deighilt sa chorp ach go mbeadh na baill ag déanamh an chúraim chéanna dá chéile. Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.

Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh. San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n-aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla. An aspail sibh uile? An fáithe sibh uile? An múinteoirí sibh uile? An bhfuil cumas míorúiltí agaibh uile? An bhfuil buanna leighis agaibh uile? An bhfuil labhairt i dteangacha agaibh uile? An bhfuil míniú teangacha agaibh uile?

Alleluia Véarsa              Lc 4: 18-19

Alleluia, alleluia!
Chuir an Tiarna uaidh mé
ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,
ag fógairt a scaoilte do bhránna
alleluia!

AN SOISCÉAL :              Lúcás 1:1-4. 4:14-21
Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.

Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc, de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar; níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail, chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu.

Agus d’fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir. Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.

Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d’éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa:

“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé.
Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,
ag fógairt a scaoilte do bhránna
agus aiseag a radhairc do dhaill;
ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”

D’fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.”

© Cumann na Sagart 2020