1. Aifreann an Tráthnóna
An Chéad Léacht: Íseáia 62:1-5
Óir lig an Tiarna a rún leat.
Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost,
agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair,
nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan
agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.
Is ann a fheicfidh na ciníocha d’fhíréantacht
agus na ríthe uile do ghlóir;
agus tabharfar ainm nua ort,
ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.
Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna,
i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.
Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta,
ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche.
Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin”
agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche.
Óir lig an Tiarna a rún leat
agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
Díreach mar a phósann ógfhear cailín,
is é an Saor féin a phósfaidh thusa;
agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta,
beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
Salm le Freagra Sm 88
Freagra: Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.
I. Cheangail mé conradh le m’fhear tofa.
Dhearbhaigh mé do Dháiví, mo sheirbhíseach:
‘Socróidh mé do shliocht ar feadh na síoraíochta,
agus bunóidh me do ríchathaoir go síoraí: Freagra
2. Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh thú a mholadh,
a shiúlann faoi sholas do ghúise, a Thiarna,
a dhéanann lúcháir i d’ainm de shíor,
a ardaítear le d’fhíréantacht. Freagra
3. Déarfaidh sé liom: ‘Is tú m’athair,
is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
Coinneoidh me mo bhuanghrá dó go síoraí,
agus seasfaidh mo chonradh leis go daingean. Freagra
An Dara Léacht : Gníomhartha 13:16-17. 22-25
Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d’Iosrael de réir mar a bhí geallta aige – is é sin Íosa.
Tháinig Pól go dtí Aintíoc na Pisidia. D’éirigh sé ina sheasamh sa tsionaóg, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “agus sibhse a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom. Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n-aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe.
Ansin d’ardaigh sé Dáivi ina rí dóibh, agus rinne sé fianaise dósan, agus dúirt: Fuair mé Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’ Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d’Iosrael de réir mar a bhí geallta aige – is é sin Íosa. Roimh theacht dó sin bhí Eoin tar éis baisteadh chun aithrí a fhógairt do phobal uile Iosrael, agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libhse is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’
An Soiscéal Matha 1:1-25
Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.
Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.
Ghin Abrahám Íosác;
ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha;
ghin Iúdá Fearas agus
Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram;
ghin Áram Aimineadab; ghin
Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón;
ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz
Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;
ghin Iseái Dáiví rí.
Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;
ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin
Aibiá Ásaf;
ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias;
ghin Ózáias
Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias;
ghin Eizichias Manasaes; ghin
Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias;
ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.
Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil;
ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór;
ghin Azór Sadóc;ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd;
ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób;
ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.
A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí
Críost, ceithre glúine déag.
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna
bpeacaí.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd
an bhfáidh:
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”
– ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna
bpeacaí.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd
an bhfáidh:
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”
– ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.
********************************************
Soiscéal Gearr : Matha 1:18-25
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú.
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna
bpeacaí.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd
an bhfáidh:
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”
– ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.
2. Aifreann na hOíche
An Chéad Léacht: Íseáia 9:1-7
Tugadh mac dúinn
An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas,
chonaic siad solas mór;
agus ar mhuintir na tíre gruama
tá solas ag lonrú.
Chuir tú go mór lena n-áthas,
mheadaigh tú ar a lúcháir;
tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,
mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,
amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
Óir an chuing a bhí anuas orthu,
an choirb ar a nguaillí,
agus slat an aintiarna,
déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.
Óir gach coisbheart catha,
agus gach fallaing a tumadh san fhuil,
tá siad loiscthe,
tá siad dóite le tine.
Óir rugadh leanbh dúinn,
tugadh mac dúinn;
tá an tiarnas ar a ghualainn,
agus is é ainm atá air:
“Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,
“Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.
Níl teorainn lena thiarnas
ná críoch lena shíocháin
ar chathaoir ríoga Dháiví
agus ar a ríogacht,
ag cur bun agus taca leo,
sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.
– Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.
Salm le Freagra Sm 95
Freagra : Rugadh slánaitheoir duinn inniú: is e Críost an Tiarna é
I. Canaigí amhrán nua don Tiarna,
canaigí don Tiarna, a thalamh go léir.
Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm. Freagra
2 Fógraígí a shlánu ó lá go lá.
Insígí a ghlóir i measc na gciníocha
agus a éachtaí do na náisiúin uile. Freagra
3 Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh;
tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór;
bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann;
tógadh crainn uile na coille gártha áthais
i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht. Freagra
4. Tá sé ag teacht a rialú na cruinne
chun an domhan a rialú go cothrom
agus fíorbhreith a thabhairt ar na daoine. Freagra
An Dara Léacht Títas 2:11-14
Tá grásta Dé foilsithe don uile dhuine.
Tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Alleluia – Lc 2: 10-11
Alleluia, alleluia!
Tá dea-scéala agam daoibh:
rugadh slánaitheoir dúinn inniu:
is é Críost an Tiarna é.
Alleluia!
An Soiscéal Lúcás 2:1-14
Rugadh slánaitheoir daoibh inniu.
T
harla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san óstan.
Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu – is é Críost an Tiarna é – i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.” Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: “Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”
3. Aifreann an Lae
An Chéad Léacht: Íseáia 52:7-10
Feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.
Nach álainn ar na sléibhte
cosa an té a bhfuil dea-scéala leis,
síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,
fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:
“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglóir,
ag liúireach le háthas in éineacht,
óir is léir dóibh lena súile cinn
an Tiarna ag filleadh ar Shíón.
Scairtigí amach le háthas,
a bhallóga Iarúsailéim!
mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir,
tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.
Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa
os comhair súile na gciníocha go léir,
agus feicfidh críocha uile na talún
beart tarrthála ár nDé.
Salm le Freagra Sm 97
Freagra Chonaic críocha uile na cruinne slanú ár nDé.
I. Canaigí amhrán nua don Tiarna
óir rinne sé éachtaí.
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa
rug sé bua dó fein. Freagra
2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú.
Nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
Ba chuimhin leis a fhírinne is a ghrá
do theaghlach Isráél. Freagra
3. Chonaic críocha uile na cruinne
slanú ár nDé.
Gairdígí sa Tiarna, a chríocha uile,
agus nochtaigí bhur n-áthas dó. Freagra
4. Canaigí sailm don Tiarna leis an gcruit
agus le fuaim na cláirsí
Tugaigí gartha le fuaim stoic is adhairce
don Tiarna ár rí. Freagra
An Dara Léacht hEabhraigh 1:1-6
Labhair Dia linn trína Mhac.
L
abhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe; ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann. Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd.
Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i m’Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”? Agus arís
eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil
uile Dé roimhe.”
AIIeIula – Lc 2: 14
Alleluia, alleluia!Glóir do Dhia in uachtar neimhe.agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi.Alleluia!
An Soiscéal Eoin 1:1-18
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc.
Bhí an Briathar ann i dtús báire
agus bhí an Briathar in éineacht le Dia,
agus ba Dhia an Briathar.
Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.
Rinneadh an uile ní tríd
agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
Is ann a bhí an bheatha
agus ba é solas na ndaoine an bheatha.
Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,
ach níor ghabh an dorchadas é.
Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia,
agus Eoin ab ainm dó.
Tháinig sé ag déanamh fianaise
chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais
chun go gcreidfeadh cách tríd.
Níorbh é féin an solas
ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.
An solas fírinneach
a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
Bhí sé ar an saol
agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
Chun a chuid féin a tháinig
agus níor ghlac a mhuintir leis.
Ach an uile dhuine a ghlac leis,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh,
dóibh seo a chreideann ina ainm,
an mhuintir nach as folanna a rugadh iad
ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
agus chonaiceamar-na a ghlóir,
a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d’fhírinne.
Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh
agus glaonn in ard a ghutha:
“É seo an té a ndúirt mé faoi:
‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,
tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’”
Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht,
sea, grásta ar ghrásta.
Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,
ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
Ní fhaca aon duine riamh Dia.
An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,
eisean a d’aithris.
*********************************************
Soiscéal Gearr Eoin 1:1-5, 9-14
Bhí an Briathar ann i dtús báire
agus bhí an Briathar in éineacht le Dia,
agus ba Dhia an Briathar.
Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.
Rinneadh an uile ní tríd
agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
Is ann a bhí an bheatha
agus ba é solas na ndaoine an bheatha.
Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,
ach níor ghabh an dorchadas é.
Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia,
agus Eoin ab ainm dó.
Tháinig sé ag déanamh fianaise
chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais
chun go gcreidfeadh cách tríd.
Níorbh é féin an solas
ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.