AN CHÉAD LÉACHT: hEagna 11:22-12:2
Óir tá grá agat do gach uile ní atá ann.
I do láthairse, a Thiarna, tá an domhan go léir mar dhúradán deannaigh
a chuireann an mheá ó chothrom
agus mar bhraon drúchta a thiteann ar an talamh go moch ar maidin.
Tá trua agat do gach uile ní
mar is féidir leat gach uile ní a dhéanamh;
scaoileann tú tharat peacaí an domhain
le súil go ndéanfaidh siad aithrí iontu.
Óir tá grá agat do gach uile ní atá ann
agus ní ábhar déistine duit aon ní dá ndearna tú.
Mar dá mba fhuath leat ní ar bith
ní bheifeá tar éis é a chruthú.
Conas a d’fhéadfadh aon ní maireachtáil
murach gur toil leatsa é?
Conas a d’fhéadfaí aon ní a chaomhnú
dá mba rud é nach raibh gairm faighte aige uaitse?
Coiglíonn tú gach uile ní mar is leatsa iad,
AThiarna, a chara na mbeo.
Óir tá do spiorad domhillte féin i ngach uile ní.
Beagán ar bheagán, mar sin,
ceartaíonn tú na daoine a dhéanann peacaí;
cuireann tú a gcionta i gcuimhne dóibh
agus tugann tú rabhadh dóibh fúthu
d’fhonn go scarfar iad ón olc
agus go gcuirfidh siad a muinín ionatsa, a Thiarna.
SALM LE FREAGRA. Sm 144
Freagra : Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom, is a Rí
1. Tabharfaidh mé glóir duit, a Dhia liom, is a Ri beannóidh mé d’ainm de shíor. Beannóidh mé thú gach uile lá agus molfaidh mé thú de shíor. Freagra
2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna, mall chun feirge agus lán de chineáltas. Is maith é an Tiarna don uile ní, is is trócaireach é dá oibreacha uile. Freagra
3. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna, agus beannóidh do dhaoine naofa thú. Canfaidh siad glóir do ríochta, agus foilseoidh siad do chumhacht. Freagra
4. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile, agus is naofa é ina oibreacha go léir. Coinníonn an Tiarna gach duine a bhíonn ag titim agus tógann sé suas gach duine a bhíonn ar lár.
Freagra
AN DARA LÉACHT: 2 Teasalónaigh 1:11-2:2
Beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh.
A bhráithre, Sin é an fáth nach stadaimid ach ag guí oraibh le hionchas go ndéanfadh ár nDia diongbháilte ar bhur ngairm sibh agus go dtabharfadh sé chun críche go héifeachtach gach fonn maitheasa atá oraibh agus gach dea-ghníomh dá spreagann an creideamh ionaibh. Sa tslí sin beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh trí ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Críost.
Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina airicis, impímid oraibh, a bhráithre, gan bheith suaite go héasca in bhur n-aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos domsa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin.
Alleluia Véarsa Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar
Alleluia!
AN SOISCÉAL: Lúcás 19:1-10Tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.
San am sin ar theacht isteach in Ireachó d’ Íosa, bhí sé ag gabháil tríd. Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir, bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa. Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil. Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.” Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.
Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.” Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d’aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.” Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d’Abrahám an duine seo freisin: óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”