AN DARA DOMHNACH DEN AIDBHINT
An Chéad Léacht: Is 11:1-10
Tugann sé breithiúnas cothrom i leith na ndearóile.
Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,
agus gas ag teacht óna fhréamh;
tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,
spiorad na heagna agus na tuisceana,
spiorad na comhairle agus na cumhachta,
spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.
(In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)
Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,
ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha
agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.
Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t-anduine,
agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t-urchóideach.
Is í an chóir bréid cheangail a choime,
agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.
Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,
an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;
tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht
agus gasúr óg á mbuachailleacht.
Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,
agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;
tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.
Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,
ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.
Díth ná dochar ní dhéantar níos mó
ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,
óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama
mar a líonann an fharraige leis an lán mara.
Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise
ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.
Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín
agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
SALM LE FREAGRA. Sm 71
Freagra Bláthóidh síocháin agus fhíréantacht lena linn
nó go meathfaidh an ghealach.
1. Tabhair do bhreithiúnas, a Dhia, don rí
agus d’fhíréantacht do mhac an rí.
Go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal
agus cothrom do na bochta. Freagra
2. Bláthóidh síocháin agus fhíréantacht lena linn
nó go meathfaidh an ghealach.
Beidh a réimeas ó mhuir go muir,
ón Abhainn Mór go críoch na cruinne. Freagra
3. Óir saorfaidh sé na bochta nuair a ghlaofaidh siad air
agus na hainniseoirí gan chúnamh.
Glacfaidh sé trua don duine lag
agus sábhálfaidh sé an duine dealbh. Freagra
4. Go moltar a ainm go brách
an fad a bheidh an ghrian ann.
Is tríd a bheannófar gach treibh;
beidh gach cine á mholadh. Freagra
AN DARA LÉACHT: Rómhánaigh 15:4-9
SlánaIonn Críost gach aon duine.
A bhráithre, gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn. Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa 6 ar shlí go mbeidh sibh d’aontoil agus d’aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé. Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá
scríofa:
“Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún,agus canfaidh mé do d’ainm le duan.”
Alleluia Lc 3:4, 6
Alleluia, alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna,
déanaigi díreach a chosáin.
Agus feicfidh an uile cholainn shánú Dé.
Alleluia!
AN SOISCÉAL : Matha 3:1-12
Déanaigí aithrí mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.
Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.” Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh:
“Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chasáin.’”
Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d’Abrahám as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”