AN CHÉAD LÉACHT: 2 Ríthe 5:14-17
Ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d’aon dia ach don Tiarna.
Chuaigh Náman síos agus thum é féin seacht n-uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan. Ansin d’fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.” Ach d’fhreagair seisean: “Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.” Agus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh. Ansin dúirt Námán: “Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d’aon dia ach don Tiarna.
SALM LE FREAGRA. Sm 97
Freagra : D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú do na náisiúin.
I. Canaigí amhrán nua don Tiarna
óir rinne sé éachtaí
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa
rug sé bua dó féin. Freagra
2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú
Nocht sé fhíréantacht do na náisiúin.
Ba chuimhin leis a fhírinne is a ghrá
do theaghlach Isráél. Freagra
3. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé
Gairdígí sa Tiarna, a chríocha uile,
agus nochtaigí bhur n-áthas dó. Freagra
AN DARA LÉACHT: 2 Timóteas 2:8-13
Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith.
A bhráithre ionúin, cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt. Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach. Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa. Is fíor an ráiteas é:
Má fuaireamar bás in éineacht leisbeimid beo in éineacht leis chomh maith.Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith.Má shéanaimid é,séanfaidh seisean sinn.Ach má bhímid mídhílis féin,fanfaidh seisean dílis fós,mar nach féidir dó é féin a shéanadh.
Alleluia Véarsa Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
AN SOISCÉAL : Lúcás 17:11-19
An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?”
San am sin sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh, agus labhair siad go hard á rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad? An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?” Agus dúirt sé leis: “Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.”