Leachtaí an Aifrinn, 1 Eanáir 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

SOLLUNTAS MHUIRE BEANNAITHE MATHAIR Dé

An Chéad Léacht                  Uimreacha 6:22-27

Gairmidis m‘ainm ar chlann Isráél, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.

Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le hÁrón agus lena chlann mhac:

‘Seo mar a bheannóidh sibh clann Iosrael. Abraigí leo:

Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú.

Go dtaitní gnúis an Tiarna ort agus go raibh sé caoin leat.
Go nochta an Tiarna a ghnúis duit agus go dtuga sé síocháin duit.’

Sin mar atá m’ainm le gairm ar chlann Iosrael acu, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.”

Salm le Freagra            Sm 66
Freagra                            Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn.

1. Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn;
taispeáin dúinn solas do ghnúise,
chun go n-aithnítear do shlí ar talamh
agus do shlánú i measc na náisiún uile.         
Freagra

2. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas;
treoraíonn tú na náisiún ar talamh.                
Freagra

3. Tugann an talamh a thoradh uaidh
óir bheannaigh Dia, ár nDia, sinn.
Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn,
is go dtuga críocha na cruinne urraim dó .  
Freagra

 

AN DARA LÉACHT                     Galataigh 4:4-7
Sheol Dia ar an saol a Mhac a rugadh ó bhean.

Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire,
sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,
d’fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne.
Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh
chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus “Abba, a Athair” á screadadh aige.
Ní daor tú feasta mar sin ach mac;
agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé.

Alleluia  Véarsa          Eabh 1: 1- 2
Alleluia, alleluia!Labhair Dia go minic anallódleis na hAithreacha trí bhíthin na bhfáithe;ach sna laethanta deireanacha seolabhair sé linn trína Mhac.Alleluia!

An Soiscéal                  Lúcás 2:16-21
Fuaireadar Muire agus Iósaef agus an naíonán .. . Nuair a bhí ocht lá caite tugadh Íosa mar ainm air.

S

an

am sin d’imigh na haoirí anonn go Beithil go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. Agus ar a fheiceáil dóibh, d’inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. Agus cách a chuala, b’ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar
a thug an t-aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é.

© Cumann na Sagart 2020