Léachtaí an Aifrinn, 15 Eanáir 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht          Íseáia 49:3.5-6
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.

Dúirt an Tiarna lio,

 “Is tú mo ghiolla Iosrael
trína saothróidh mé glóir dom féin.”
Bhí maise orm i súile an Tiarna,
ba é mo Dhia mo neart.

Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,
an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,

le go mbailínn Iacób ar ais chuige,
le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:

“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam

chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,
chun ar slánaíodh d’Iosrael a thabhairt ar ais.
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,
chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

Salm le Freagra          Sm39
Freagra :                        Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh

1. Bhí dóchas agam, bhí dóchas agam sa Tiarna,
agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh.
Chuir sé amhrán nua i mo bhéal,
amhrán molta dár nDia.                                
Freagra

2. Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach d’oscail tú cluasa dom.
loseadh níor theastaigh uait, ná íobairt in éiric an pheaca.
Ansin dúirt mé: ‘Féach, táim ag teacht.’    
Freagra

3.  ‘I rolla an leabhair tá scríofa i mo thaobh:
is ail liom do thoil a dhéanamh, a Dhia,
agus tá do dhlí go domhain i mo chroí.’    
Freagra

4. D’fhoilsigh mé d’fhíréantaeht sa mhórdhail.
Feach, níor chuir mé cosc le mo bheola:
is eol duitse é, a Thiarna.                             
Freagra

Dara Léacht   1 Coirintigh 1:1-3
An té is Tiarna orainne agus orthusan: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
M
ise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom, chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Alleluia Véarsa            Eoin: 1:14. 12   
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SoiscéaL:                        Eoin 1:29-34
“Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

San am sin chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain. Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’ Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun, go nochtfaí d’Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.” Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom:

‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’
Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”

© Cumann na Sagart 2020