AN CHÉAD LÉACHT Gníomhartha na nAspal 6:1-7
Thogh siad seacht bhfear a bhí lán den Spiorad Naomh.
Sna laethanta sin, mar go raib líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí á dhéanamh ar a mbaintreacha féin sa fhriothálamh laethúil. Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird. Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo. Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”
Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch. Thug siad i láthair na n-aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.
De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as
cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.
SALM LE FREAGRA. Sm 117
Freagra: Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Malairt Freagra: Alleluia,
I. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana;
is cóir go molfadh daoine dílse é.
Molaigí an Tiarna ar an gcruit,
ceolaigí dó ar an gcláirseach dheichthéadach. Freagra
2. Óir is dílis é briathar an Tiarna,
agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart;
tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna. Freagra
3. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás,
is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
AN DARA LÉACHT 1Peadar 2:4-9
Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga.
A clann ionúin, druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í; agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. Uime sin tá seo sa scrioptúr: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.” Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: “An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,” agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh,
le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a
sholais iontaigh féin.
Alleluia Véarsa Eo 14: 6
Alleluia, Alleluia!
'Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,' a deir an Tiama: 'Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.'
Alleluia!
Alleluia!
AN SOISCÉAL Eoin 14:1-12
Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí:
creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
Is iomaí áras i dteach m’Athar.
Mura mbeadh, d’inseoinn daoibh é.
Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh,
tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;
i dtreo, an áit ina mbeidh mise,
go mbeidh sibhse chomh maith.
Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”
Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir
dúinn eolas na slí a bheith againn?”
Dúirt Íosa leis:
“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,
d’aithneodh sibh m’Athair chomh maith.
Tá aithne agaibh air feasta,
agus tá radharc faighte agaibh air.”
Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.”
Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm?
An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.
Conas, mar sin, a deir tú:
‘ Taispeáin dúinn an tAthair’?
Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair
agus an tAthair ionamsa?
Na briathra a labhraímse libh,
ní uaim féin a labhraím iad,
ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa,
eisean a dhéanann na hoibreacha.
Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair
agus an tAthair ionamsa.
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin.
Amen, Amen, a deirim libh,
an té a chreideann ionamsa,
na hoibreacha a dhéanaimse,
déanfaidh seisean iad chomh maith,
agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad;
mar táimse ag dul chun an Athar.