Léachtaí an Aifrinn, 2 Iúil 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht            2 Ríthe 4:8-11. 14-16
Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo.

Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill I gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin. Dúirt sí lena fear céile: “Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne. Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.”

Lá dá dtáinig sé, isteach leis sa seomra in airde agus chuaigh sé a luí. “Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?” a d’fhiafraigh sé. D’freagair Géichizí: “Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.” Dúirt Eilíseá: “Cuir fios uirthi.” Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras. “Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d’ionailt.”

Salm le Freagra          Sm 88
Freagra 
                          Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.

1. Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna;     fógróidh mé do dhílseacht ó glúin go ghlúin.    óir daingníodh do bhuanghrá go síoraí     agus tá do dhílseacht chomh buan leis na flaithis.   Freagra

2. Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh thu a mholadh,     a shiúlann faoi sholas do ghnúise, a Thiarna,    a dhéanann lúcháir i d’ainm de shíor,    a ardaítear le d’fhíréantacht.                                          Freagra

3. Óir is tusa glóir a gcumhachta,    agus trí d’fhabhar ardáitear ár neart.    Óir is leis an Tiarna ár sciath,    agus is Ie Neach Naofa Isráél ár rí.                               Freagra

An Dara Léacht            Rómhánaigh 6:3-4. 8-11
Gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost  creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith.

A bhráithre, an é nach dtuigeann sibh, gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost, gur ina bhás a baisteadh é. Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar.

Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith. Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta, mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo, ach is beatha do Dhia a bheatha feasta. Ar an gcuma chéanná ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.

Alleluia Véarsa          Gniom 16: 14
Alleluia, alleluia! Oscail ár gcroí,A Thiarna,Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic                         Alleluia!

An Soiscéal                Matha 10:37-42
An té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise.

San am sin dúirt Íosa lena aspail “An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.

“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh.

“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d’fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”

© Cumann na Sagart 2020