Léachtaí an Aifrinn, 20 Lúnasa 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht          Isaiah 56:1. 6-7


Déanfaidh mé clann na n-eachtranrach a chinnireacht go dtí shliabh beannaithe.

Seo mar a deir an Tiarna: Coinnígí an ceart, cleachtaigí an fhíréantacht, óir tá m’fhuascailt ar tí teacht agus m’fhíréantacht ar tí a foilsithe.

Agus clann na n-eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d’ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh, déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m’altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n-íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.

Sin é Briathar Dé.  

Salm le Freagra           Sm 66 Freagra                           

Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.

1. Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn;
taispeáin duinn solas do ghnúise,
chun go n-aithnítear do shlí ar talamh
agus do shlánú i measc na náisiún uile.     
 Freagra

2. Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas
toisc go rialaíonn tú an domhan go fíréanta.
Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas;
treoraíonn tú na náisiún ar talamh.             
Freagra

3. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
Go mbeannaí ar nDia i gcónaí sinn,
is gurb eagal Ie críocha na cruinne ‘e.       
  Freagra


AN DARA LÉACHT:             Rómhánaigh 11:13-15. 29-32
Ní cús alféala choiche do Dhia a thíolaicí ná an rogha a bhíonn déanta aige.

Tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m’fheidhmeannais a bheidh mé  le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú. Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh? mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná an rogha a bhíonn déanta aige.

Bhí sibhse tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n-easumhlaíochtsan. Is é an dála céanna acu siúd é: tá siadsan éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfaí trócaire orthu chomh maith. Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht d’fhonn trócaire a dhéanamh orthu uile.

Sin é Briathar Dé.

Alleluia Véarsa           Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!

Sin é Soiscéal Dé.       Matha 15:21-28

San am sin chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.” Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.” D’fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.” Ach tháinig an bhean agus d’fhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.” D’fhreagair agus dúirt: “Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.” Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.” Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.

Sin é Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020