An Chéad Léacht Íseáia 8:23-9:3
I nGailíl na gciníocha chonaic an pobal solas mór.
San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san amatá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl nagciníocha.
An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas,
chonaic siad solas mór;agus ar mhuintir na tíre gruamatá solas ag lonrú.Chuir tú go mór lena n-áthas,mheadaigh tú ar a lúcháir;tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
Óir an chuing a bhí anuas orthu,an choirb ar a nguaillí,agus slat an aintiarna,déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá Midian
Salm le Freagra Sm 26
Freagra: Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.
1. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.:
cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna dúnáras me bheatha:
cé a chuirfidh ar crith me? Freagra
2. Aon ní amhain a iarraim ar an Tiarna,
eilím é seo:
bheith i mo chónaí i dteach an Tiarna
fad a bheidh mé beo,
chun go mblaisfinn aoibhneas an Tiarna
agus go bhfeicfinn a theampall. Freagra
3. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna,
i dtír na mbeo.
Fan leis an Tiarna; bí cróga;
bíodh do chroí go tréan is fan leis an Tiarna. Freagra
An Dara Léacht 1 Coirintigh 1:10-13. 17
Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn. Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile. Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.” An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh?
Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín
eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.
Alleluia Véarsa Mth 4: 23
Alleluia, alleluia!
D’fógair Íosa Dea-Scéal na ríochta, agus leigheas sé gach galar
agus gach éagruas i measc an phobail.
Alleluia!
An Soiscéal Matha 4:12-23
Chuir sé faoi i gCafarnáum chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh.
Nuair a chuala Íosa go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. D’fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,Gailíl na gciníocha,an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,chonaic siad solas mór,an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,d’éirigh solas chucu.”
Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.” D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. D’fhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é.
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairtdea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
*******************************************
Malairt Soiscéal gearr Matha 4:12-17
Chuir sé faoi i gCafarnáum chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh.
Nuair a chuala Íosa go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. D’fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,
bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,
Gailíl na gciníocha,
an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,
chonaic siad solas mór,
an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,
d’éirigh solas chucu.”
Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
AN BÍOBLA NAOFA