An Chéad Léacht hEagna 12:13. 16-19
Tugann tú maithiúnas i bpeacaí.
Níl aon Dia eile ann seachas thú féina bhfuil cúram na cruinne airle go gcaithfeá-sa a chruthú dónár thug tú breith éagórach uait riamh.
Óir is í do chumhachtsa tobar na córa;
is é an tiarnas atá agat ar an uile nía thugann ort iad go léir a choigilt.Taispeánann tú do chumhachtnuair nach dtugtar aitheantas d’iomláine do nirtagus daorann tú sotal na ndaoine a bhfuil eolas acu air.Ach cé go bhfuil cumhacht iomlán agatis cneasta an bhreith a thugann túagus rialaíonn tú sinn le trócaire.Óir, cibé uair is toil leat é,is féidir duit do chumhacht a chur i bhfeidhm.Mhúin tú do do phobal leis na bearta sinnach foláir don fhíréan bheith cineálta;agus chuir tú dóchas láidir i gcroíthe do chlainnede bhrí go dtugann tú maithiúnas i bpeacaí.
Sin é Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 85
Freagra : Tá tú go maith is go ceansa, a Thiarna.
1. Tá tú go maith is go ceansa, a Thiarna,lán de ghrá do chách a ghlaonn ort.Éist le m’urnaí, a Thiarna,agus tabhair aird ar ghlór mo ghuí. Freagra
2. Tiocfaidh na ciníocha do d’adhradh, a Thiarna,agus déanfaidh siad d’ainm a fhógairt:óir is éachtách thú agus is iontach do ghníomhartha,óir is tú amháin is Dia. Freagra
3. A Thiarna Dia na trua agus na taise,ar deacair thú a spreagadh chun feirge,agus atá lán de ghrá agus d’fhírinne,féach orm, agus bíodh trua agat dom. Freagra
An Dara Léacht Rómhánaigh 8:26-27
Déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail
A bhráithre, tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail, agus an té úd a chiorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir toil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh.
Sin é Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Mt 11:25
Alleluia, alleluia!Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú
do naíonáin iad.
Alleluia!
An Soiscéal Matha 13:24-43
Fágtar le hais a céile ag fás iad araon go dtí an fómhar
San am sin chuir Íosa parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d’imigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin.
Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’ Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’ ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.’”
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”
D’inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d’fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh:
“Labhróidh mé i bparabail,
nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”
D’fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.” D’fhreagair sé iad á rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine. Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal, agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe. Amhail mar a bhailítear an cogal chun é dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t-olc, agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
Sin é Soiscéal Dé.
________________________
An Soiscéal gearr Matha 13:24-30