AN CHÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Íseáia 55:6-9
Ní hiad mo bhearta bhur mbearta.
God at work
Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;glaoigí air, fad atá sé i ngar.Fágadh an coirpeach a dhrochnósagus fear na hurchóide a bhearta.Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.Is ard iad na spéartha os cionn na talún,agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaíagus mo bhearta os cionn bhur mbearta.
An Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 144Freagra Is gairid an Tiarna dá ngaireann air.
1. Beannóidh mé thú gach uile lá
agus molfaidh mé thú dé shíor.
Is mór é an Tiarna, is is ionmholta go mór é,
ní féidir a mhórgacht a mheas. Freagra
2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile. Freagra
3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go fírinneach. Freagra
AN DARA LÉACHT
Sliocht as litir N.Pól chuig naFilipigh 1:20-24.27
Mar is é Críost is beatha domsa
A bhráithre, nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom. Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás. Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.
Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost.
An Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar
Alleluia!
AN SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Matha 20:1-16
Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad. Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m’fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’ Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d’fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’ Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’
Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’ Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d’fhulaing ualach an lae agus an brothall.’ D’fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
An Soiscéal Dé.