Léachtaí an Aifrinn, 26 Samhain 2017 | Baile | Cumann na Sagart

Sollútas Ár dTiarna Íosa Chíost Rí na nUile

CHÉAD LÉACHT                          

Sliocht as an fáidh Eziceal       34:11-12. 15-17
Maidir libhse, a thréad, túgaim breith idir caoirigh agus caoirigh.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuardóidh mé féin na caoirigh agus beidh a gcúram orm féin amháin. Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an treadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Rachaidh mé i gcabhair orthu nuair a theann siad ar séachrán sa cheo agus sa dorchadas. Beathóidh mise mo chaoirigh agus tabharfaidh mé orthu a scíste a ligean-an Tiarna Dia a labhraíonn. Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh mé ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh mé an t-easlán ina neart. Tabharfaidh mé aire don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaim.

Maidir libhse, a thréad, a deir an Tiarna Dia: tú gaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus gabhair fhirinn.

Briathar Dé.

Salm le Freagra                           Sm 22:  22:1-3. 5-6 Rv 1
Freagra                                                Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.

1. Is é an Tiarna m’aoire,
ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí me
i móinéar féaruaithne.                         
Freagra

2. Séolann sé ar imeall an uisce mé
mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé mé ar rianta díreacha
mar gheall ar a ainm.                           
Freagra

3. Cóirlonn tú bord chun béile dom
i bhfianaise mo naimhde.
Ungann tú mo cheann Ie hola;
tá mo chupán ag cur thar maoil.        
Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé
gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe.                              
Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad litir N.Pól chuig na Coirintigh       15:20-26.28
Tabharfaidh séan ríocht suas aige do Dhia an tAthair, agus sa tslí sin beidh Dia ina mháistir ar an iomlán.

A
 bhraithre, tá Críost aiseirithe ó mhairbh, ina cheann ródaí orthu sin atá ar shlí na fírinne. Faoi mar a tháinig an bás ann trí bíthin duine, tháinig an t-aiséirí ann trí bhíthin duine mar a gcéanna. Faigheann an uile dhuine bás i gcomhar le hAdhamh; ar an dála céanna athbheofar an uile dhuine i gcomhar Ie Críost. Beidh gach aoinneach ina sheal féin afach: Críost i dtosach; ansin, ar theacht do Chríost, an mhuintir a bheidh i bpáirt leis; agus ar ball tiocfaidh an chríoch nuair a bheidh gach tiarnas agus sin beidh Dia ina mhciistir ar an iomlcin udaras agus cumhacht curtha ar neamhní aige agus an ríocht túgtha suas aige do Dhia an tAthair. Mar ní foláir do Chríost a bheith ina rí nó go mbeidh na naimhde uile curtha faoi chois. Agus is é an namhaid deireanach atá le díothú, an bás. Agus nuair a bheidh an uile ní curtha faoi smacht Chríost ag Dia, rachaidh Críost féin , an Mac, faoi smacht Dé agus sa tslí sin beidh Dia ina mháistir ar an iomlán.

Briathar Dé.

Comhgháir/Alleluia
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!
Alleluia!

SOISCÉAL

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N.Matha     25:31-36
Rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile.


San am sin duirt Íosa lena dheisceabail: “Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair. Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m’fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’ Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’ Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’ Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m’fheiceáil.’ Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’ Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’ Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”

Soiscéal Dé.  

© Cumann na Sagart 2020