Léachtaí an Aifrinn, 29 Deireadh Fómhair 2017 | Baile | Cumann na Sagart

CHÉAD LÉACHT 

Sliocht as leabhar Exodus      22:20-26
Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus godtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo

Dúirt an Tiarna le Maois: Abair é seo le clann Isráel: Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte. Ná ciap baintreach ná dílleachta. Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus godtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.  Adhnfaidh m’fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.

Má thugann tú iasacht airgid d’aon bhochtán de mo phobal le d’ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.

Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine; óir sin a bhfuil aige d’éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann?

Briathar Dé.  

Salm le Freagra          Sm 17 Freagra                           Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.

I. Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,
mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.  Freagra

2. Mo Dhia thú, mo charraig, is mo dhídean;
mo sciath, adharc me shlánaithe, mo dhún.
Glaoim ar an Tiarna dar dleacht moladh
agus déantar mo shaoradh ó mo naimhdé.                     Freagra

3. Go maire an Tiarna! Is é mo charraig é!
Go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh.
Thug sé caithréimeanna dá Rí
agus nocht sé a ghrá dá Ungthach.                                    Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Teasalónaigh      1:5-10

A bhráithre, tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh. Agus rinne sibhse aithris orainn agus ar an Tiarna, mar d’ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh, sa tslí go raibh sibh mar shampla ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acháia. Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi. Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis – an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa                 Gniom 16: 14
Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna,
Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!

SOISCÉAL               

 Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha      22:34-40
Gráóidh tú do Thiarna Dia agus gráóidh tú do chomharsa mar thú féin

San am sin nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág Íosa focal ag na Sadúcaigh,

chruinnigh siad féin le chéile, agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:

“A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?”

Dúirt sé leis: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus

ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’ – is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne.

Agus is cosúil léise an dara ceann:

‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’

Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020