Domhnach Cincíse
An Chéad Léacht Gníomhartha na nAspal 2:1-11
Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.
Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fadina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acu san. Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos in ár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”
Salm le Freagra Sm 103
Freagra Cuir amach uait do Spiorad, a Thiarna, agus dean agaidh na talún a athnuachan.
Malairt Freagra : Alleluia!
1. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom! Freagra
2. Nach lionmhar iad d’oibreacha, a Thiarna! Freagra
3. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort Freagra
4. Má bhaineann tú an anáil díobh, éagann siad Freagra
An Dara Léacht 1Coiribtigh 12:3-7. 12-13
San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.
A bhráithre, ní féidir d’aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d’aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh. Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin; atá feidhmeannais difriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin; agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n-oibriú go léir in gach ceann riamh acu. An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é.
Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.
ROSC
Tar-sa chugainn, a Naomh Spioraid,
Tar, a Dhíon na n-easpaitheach,
Sólásai ró-charthanach,
Sos i measc ár ndeacrachtaí,
A lasair aoibhinn bheannaithe,
Gan do ehumhaeht is d’fhearta-sa
Nigh a bhfuil salach ionainn,
Cuir i mboige ár gerapaitheacht,
Do d’fhíréana tabhairsé,
Tabhair luach saothair maitheasa,
Comhghair an tSoisceil
Alleluia, alleluia!
An Soiscéal Eoin 20: 19-23
Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh.
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís:
“Síocháin daoibh!
Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise,
táimse do bhur gcursa uaim freisin.”
Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:
“Glacaigí an Spiorad Naomh.