CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Malachi 1:14-2:2. 8-10
D’imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc.
Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m’ainm i measc na náisiún. “Anois, a shagarta, is in bhur n-aghaidhse an bhreith seo: Mura n-éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m’ainm, a deir
na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith. “Ach i dtaca libhse de, d’imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhní an conradh a bhí déanta agamsa le Léiví, a deir Tiarna na Slua. Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”
Nach é an t-aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t-aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 130
Freagra Coinnigh m’anam faoi shíocháin i do láthair, a Thiarna.
1. Níl mo chroí ag borradh le mórtas, a Thiarna;
níl mo shúile go huaibhreach.
Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra
a théann thar m’acmhainn. Freagra
2. Ach shocraigh mé m’anam go deimhin
a thabhairt chun suaimhnis.
Mar naíonán i mbachlainn a mháthar
atá m’anam istigh ionam. Freagra
3. A Isráél, bíodh do dhóchas sa Tiarna
anois agus choíche. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céadlitir N.Pól chuig na Teasalónaigh 2:7-9. 13
Bhímis ag obair de lá is d’oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.
A bhráithre, bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh. Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d’oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.
Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa 1Sam3:9, Eo 6:68
Alleluia, alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha 23:1-12
Ní mar a chéile beart agus briathar acu.
San am sin labhair Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail: “Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois, agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu. Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire. Déanann siad a n-oibreacha uile d’fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga; is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.
Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile. Agus ná glaoigí bhur ‘n-athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon Athair, an té atá ar neamh. Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost. An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.