Léachtaí an Aifrinn, 6 Lúnasa 2017. Féile Chlaochlú an Tiarna. | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht           Dainéil 7:9-10. 13-14
Bhí a éide ar lí an tsneacht.

Bhí mé ag faire:
Cuireadh cathaoireacha ríoga ina n-ionad
agus shuigh Sinsear na Laethanta.
Bhí a éide ar lí an tsneachta,
agus folt a chinn mar olann ghlan.
Ba lasair thintrí a chathaoir ríoga,
agus ba thine spréacharnach a rothaí.
Ling sruth tine
agus bhrúcht amach roimhe.
Bhí míle míle ag fónamh dó
agus deich míle de dheich mílte ina seasamh os a chomhair.
Shuigh an chúirt i mbreithiúnas,
agus osclaíodh na leabhair.
Chonaic mé i bhfíseanna oíche.
Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,
amhail Mac an Duine.
Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta,
agus cuireadh os a chomhair é.
Dó siúd tugadh tiarnas,
glóir is ardfhlaitheas,
go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.
Tiarnas síoraí a thiarnas,
nach rachaidh ar ceal,
ná ní scriosfar a ríocht.

An Briathar Dé.

Salm le Freagra            Sm 96
Freagra                             Tá an Tiarna ina rí, in ardreim os cionn na cruinne.

I. Tá an Tiarna ina rí, déanadh an talamh gairdeas,
bíodh lúchair ar na cladai go léir.
Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall;
ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.            Freagra

2. Léann na sleibhte marchéir
i bhfianaise Thiarna na cruinne.
Fógraíonn na flaithis a fhíreéantacht;
feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.                   Freagra

3. Óir is tú an Tiarna go dearfa
in ardr’eim os cionn na cruinne
agus os cionn na ndeithe uile.                               Freagra

An Dara Léacht            2Peader 1:16-19
Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis.

Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn. Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.

An Briathar Dé.

Alleluia Véarsa            Mth 17:5             
Alleluia, alleluia!
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi:
éistigí leis.’
Alleluia!

An Soiscéal                     N.Matha 17:1-9
Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine 

San am sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.” Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”

An Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020