Léachtaí an Aifrinn, 13 Lúnasa 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht           1 Rithe 19:9. 11-13
Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.

Nuair shroich Éilias Horaeb, sliabh Dé.chuaigh Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún. I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig. Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe.

Sin é Briathar Dé.  

Salm le Freagra           Sm 84 
Freagra                           Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn do shlánú.

I.  Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia;
déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh.’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe
chun go gcónóidh an ghlóir inár dtír.                          
Freagra

2. Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht,
phóg an fhíréantácht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an tálamh
agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh.  
 Freagra

3. Tábharíaidh an Tiarna fós an mhaith,
agus tabharfaidh an tálamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach
agus an tsíocáin i lorg a choiscéiméanna.                    
Freagra

AN DARA LÉACHT:         Rómhánaigh 9:1-5
Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre.

A bhráithre, táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá 2 go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí.  Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne.  Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais; is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne – an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.

Sin é Briathar Dé.          

Alleluia Véarsa              Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.Alleluia! 

AN SOISCÉAL:                      Matha 14:22-33
 Ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.

San am sin chuir Íosa d’fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, á bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha. Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige. Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.” D’fhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.” Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. Ach nuair a d’airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean. Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?” Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth. Agus iad seo a bhí sa bhád, d’umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”

Sin é Soiscéal Dé. 

© Cumann na Sagart 2020