Solúntas na Tríonóide Naofa
Freagra don Chreideamh leis an mBiobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Rúndiamhair na Tríonóide agus
rúndiamhair na hEaglaise
A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Téama liotúirge an lae inniu.
Le fada, tá machnamh domhain déanta ag saoithe ar an “Naofa”, an Neach Naofa, an
fórsa, an chumhacht naofa taobh amuigh den aigne dhaonna, fórsa, Neach,
cumhacht, atá iomlán éagsúil uainne, “wholly other”. Thug an saoi agus feallsamh
Rudolf Otto mysterium tremendum et fascinans, an rúndiamhair uamhnach,
ruaigtheach agus tarraingteach, meallacach ar an rúndiamhair sin. Baineannn seo
le stair na reiligiún nó an tsiceolaíocht dhaonna, ach is fíor dó i slí faoin
gcreideamh in nDia an tSeantiomna. Tá gnéithe éagsúla faoina phearsa le fáil
ann, agus ar uairibh tá uamhan ag baint lena chaidreamh lena phobal Iosrael.
Ach ag cur críoch lena chonradh le Iosrael, ní hé sin an gné dá phearsa ba mhian
le Dia go meabhrofaí ach a mhalairt ar fad: a chneastacht agus a chineáltacht.
Agus sin í teachtaireacht liotúirge an lae inniu: Ionann rúndiamhair na
Tríonóide Rónaofa agus léiriú ar bheatha inmheánach Dhia na Glóire, a ghrá, a
chineáltacht agus a chneastacht. Tá an bheatha sin roinnte aige leis na
creidmhigh trí chomaoin an Spiorad Naoimh. Ni chun daorbhreith a thabhairt ar an
saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol, ach chun go slánófaí an saol tríd.
Céad Léacht (Eacsadas 34: 4-6, 8-9). An Tiarna, an Tiarna, Dia na cineáltachta
agus na trócaire.
Ina chomhthéacs sa Bhíobla baineann an sliocht seo le athdhéanamh an chonartha
le Iosrael tar éis é a bheith briste acu. Tá Maois ar an Sliabh (Sionái) le Dia,
in agallamh leis. Iarrann sé ar Dhia a ghnúis a thaispeáint dó, iarratas a
dhiúltaítear dó. Ni féidir do dhuine Dia (gnúis Dé) a fheicáil agus maireachtáil
dá éis sin. Dúirt Dia le Maois go raibh sé leis féin a fhoilsiú leis, agus a
ainm, an Tiarna, a fhógairt roimhe. Ba é ainm dílis Dhia Iosrael ná Iaveh, a
cuirtear “an Tiarna” mar aistriúchán air. “Bheith ann” is bunbhrí leis an ainm
seo, an Dia a bhí ann riamh, agus lena phobal i ngach anró, agus atá leo arís
anois. Mar ba ghnáth maidir le caidreamh Dé le daoine, tháinig sé i bhfoirm
scamaill, agus sheas Maois in éineacht leis. D’fhógair Dia a ainm pearsanta le
Maois: “An Tiarna, an Tiarna”, agus nocht sé a bheatha inmheánach dó: Dia na
beatha, lán de chineáltacht, de thrócaire, chneastacht, de dhílseacht, mall chun
feirge. Guíonn Maois air sin a thaispeáint dá phobal, fanúint ina bhfochair ar a
dturas tríd an stair, agus a gcionta agus a bpeacaí a mhaitheamh. Ar ndóigh, níl
aon tagairt dhíreach don Trionóid sa Seantiomna, ná sa sliocht seo, ach téann sé
go deas le soiscéal an lae inniu sa mhéid go nochtar iontu araon Dia na glóire
ag léiriú a bheatha inmheánach féin agus a ghrá don chine daonna.
Salm le Freagra (Dainéil 3:52-56). Le moladh agus le glóiriú de shíor.
Dara Léacht (2 Coirintigh 13:11-13).
Grásta an Tiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh.
Foirceann na litreach atá againn anseo, le beannacht agus beannú Phóil ar na
Críostaíthe sa Coirint. Scríobhann sé ó thuaisceart na Gréige, ón Macadóin, agus
cuireann sé beannacht na heaglaise sin chucu chomh maith, le teachtaireacht
lárnach na Críostaíochta a mheabhrú dóibh uair amháin eile: maireachtáil faoi
stiúir an Spioraid agus Dhia an ghrá, leis an muintearas is dual do na
creidmhigh. Sa bheannacht dheiridh, tá an Tiarna Íosa, Dia (an tAthair) agus an
Spiorad Naomh luaite, trionóid naofa. Tá an fhoirmle anseo go soiléir cheana
féin (Íosa, Dia an tAthair, an Spiorad Naomh), an ceann is luaithe sa Tiomna
Nua. Ach ní hé go raibh diagacht na Trionóide soiléir ag Pól faoi mar a bheidh
sé níos déanai. Tá an fhoirmle liotúirgeach sin linn i gcónaí, agus is fiú aire
a thabhairt don ghrásta ó gach ceann den triúr atá luaite: grásta na beatha nua
ón dTiarna Íosa, grá Dé an tAthair agus gach a chialaíonn sé, agus an muintearas
agus an aontacht, an cumann, a bhronnann an Spiorad Naomh. Ní cumhacht theibí i
bhfad uainn an Trionóid Rónaofa. Tá sí gníomhach go laethhúil sa bheatha
Chríostaí.
An Soiscéal (Eoin 3:16-18). Chuir Dia a mhac uaidh ar an saol chun go slánófaí
an saol tríd.
Is sliocht an téacs seo ó agallamh fada Íosa leis an Fairistíneach Nicodémas a
tháinig go hÍosa san oíche. Tagann an téacs seo díreach tar éis tagairt Íosa dá
bhás féin ar an gcrois, agus tá sé roghnaithe do fhéile seo na Trionóide Rónaofa
toisc an bhéim atá ann ar ghrá Dé don domhan, téama lárnach do liotúirge an lae
inniu ag an eaglais. Seo í bliain Shoiscéal Matha i liotúirge an Domhnaigh, agus
Matha an t-aon soiscéal ina a bhfuil tagairt shoiléir don Trionóid Naofa, nuair
a luaitear baisteadh ina hainm. Mar sin féin is oiriúnaí go mór an sliocht as
soiscéal Eoin, de bharr na béime atá ann ar ghrá Dé don domhan, a oireann don
chur i láthair do rúndiamhair na Tríonóide i liotúirge an lae inniu, bíodh nach
luaitear ann ach Dia (an tAthair) agus a Aonghin Mic.
B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Rúndiamhair na Tríonóide agus
rúndiamhair na hEaglaise
Ceiliúraimid inniu féile na Tríonóide Naofa nó mar a thugtar uirthi go
hoifigiúil Solúntas na Tríonóide Rónaofa. I slí is rud teibí an Tríonóid. Ar
éigin go gcloisimid riamh faoi dheabhóid don Tríonóid Naofa. Ach dáiríre is í an
rúndiamhair is mó agus is doimhne de na rúndiamhra Críostaí í an Tríonóid. Thóg
sé na céadta bliana, le earráidí, eiriceachtaí agus cur i ndroch-fhoirmlí le go
dtiocfadh an Eaglais ar na foirmlí faoin rúndiamhair seo atá againn inniu. An
creideamh sa Tríonóid is creideamh é in aon Dia amháin i dtrí phearsa. Mar a
cuirtear an teagasc i Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (altanna 253-260), is
Aon an Tríonóid. “Ní admhaimid trí déithe ach aon Dia amháin i dtrí phearsa, an
‘Tríonóid chomhshubstainteach’”. Ní roinneann na pearsana diaga an aon diagacht
amháin eatorthu, ach is Dia go hiomlán gach ceann díobh. Tá na pearsana diaga
sin go hiomlán idirdhealaithe óna chéile.
Tá sin go léir sáthach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste
tuiscint níos fearr dúinn faoi cad tá i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt tárlu
taobh istigh den creideamh Giúdach ar an aondiachas, monodiachas, is é sin le rá
níl ann ach an t-aon Dia amháin. Sa Tiomna Nua, agus sa Giúdachas chomh maith,
d’fhéadfaí “Athair” a thabhairt ar an Dia sin. Ansin tháinig Íosa agus d’fhógair
sé teacht ríocht Dé. Uair amháin chuir sé ceist ar a dheisceabail faoi thuairim
an phobal faoi, agus faoína dtuairim féin. Thar cheann an Dáréag fhreagair
Peadar gur mheasadar gurb é an Meisias (an Críost) é (Marcas Lúcás, “Críost Dé”;
Matha, “Críost Mac Dé Beo”). D’oscail an t-aiséirí agus a lean é ré nua i
gcreideamh na gCriostaíthe. Ba mhó ná duine daonna Íosa anois. Bhí sé ina shuí
ar dheis Dé mar Thiarna, is é sin le rá an té a sheolann an Spiorad Naomh ar an
Eaglais. Faoi dheireadh chéad thosaigh na Críostaíochta bhí adhradh á thabhairt
do Chríost mar Dhia, mar is soiléir ó chaibideal tosaigh shoiscéal Eoin: “Ar
dtús bhí an Briathar ann ... agus ba é Dia an Briathar ... Agus ghlac an
Briathar colainn dhaonna agus chónaigh sé inár measc”. Gheall Íosa go
gcuirfeadh sé an Spiorad Naomh, an Paraicléid, an tAbhcóid, ar an Eaglais, agus
le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathrú céad
cuireadh Cré Nicé le chéile chun adhradh gach ceann de na trí phearsa a léiriú,
taobh istigh den dílseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ac aon
Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise téarmaí cuí a fháil sa Bhíobla lena
gcreideamh in Íosa a léiriú agus bhaineadar úsáid as téarmaí reatha i
bhfealsúnacht na Gréige: “comhshubstainteach leis an Athair”. Tá an Chré sin
againn i gcónaí.
Sin an teagasc atá teibí go leor, agus b’fhéidir do dhaoine áirithe leamh go
leor chomh maith. Ach ní mar sin don rúndiamhair féin. Léiriú í sin gur
fhoilsigh Dia dúinn trí Íosa a bheatha inmheánach féin, teist don ghrá atá aige
dúinn. Agus tá an grá sin le léamh go soiléir i leachtaí an lae inniu. Tá beatha
inmheánach sin Dé tugtha dúinn mar eiseamláir den bheatha Chríostaí san Eaglais.
Tugann sin chun cuimhne an méid a dúirt Íosa agus é ag impí ar a Athair roimh
imeacht den saol seo dó (Eoin 17:20-24): “Ní ar a son sin amháin atáim ag guí,
ach mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína nbriathar, ionas
go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa,
go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait
mise ... A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina
bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo
ghlóir, an ghlóir a thug tú dom, mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an
domhain”. Déanann an Spiorad Naomh i gcroíthe na bhfíréan feasach sinn gur clann
mhac agus clann iníonacha sinn le Dia, glaoite chun maireachtáil de réir na
h-onóra sin i rúndiamháir na hEaglaise. Ní thuigtear an Eaglais i gceart muna
fheictear uirthi mar rúndiamhair, Corp Chríost, go bhfuil an Spiorad Naofa á
stiúradh. Tá glaoch uirthi bheith aontaithe leis an Tronóid Naofa, le fianaise a
thabhairt don domhan do ghrá Dé, tobar na beatha.