An Chéad Léacht Ezícéal 33:7-9
Nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa, cuirfidh mé an fhreagracht ortsa.
Tháinig briatar an Tiarna chugam:
Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n-iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán.
An Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 94
Freagra : Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’
I. Tagaigí, déanaimis gairdéas don Tiarna,
tógaimis gartha áthais do Charraig ;ar slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí,
déanaimis gairdéas dó le laoithe. Freagra
2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,
feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ár nDia é, agus is sinne
pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh. Freagra
3. Á, dá n-eistfeadh sibh lena ghuth innÍu:
‘Na calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba,
mar a tharla an lá úd ag Masa san fhásach
mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’ Freagra
An Dara Léacht : Rómhánaigh 13:8-10
Is é an grá comhlíonadh an dlí.
A bhráithre, ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.” Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comhlíonadh an dlí.
An Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,.Déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
An Soiscéal Matha 18:15-20
Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail “Má dhéanann do bhráthair peaca i d’aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú. Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat; ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d’fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.
“Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh.
Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m’Athair atá ar neamh. Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m’ainmse, bím féin ansin ina measc.”
An Soiscéal Dé