Léachtaí an Aifrinn, 3 Meán Fómhair 2017 | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht                  Irimia 20:7-9
Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa.

Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;

Sin é Briathar Dé.  

Salm le Freagra            Sm 62
Freagra :                          Tá iotá tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.

1. A Dhia, mo Dhia thú;
iarraim thú go dícheallach.
Tá íota tarta ar m’anam chugat,
santaíonn mo cholainn thú
amhail tálamh atá tirim is spalptha cheal uisce. 
Freagra

2. Is mar sin a bhím ag breathnú ort sa sanctóir
chun go bhfeicfinn do chumhacht is do ghlóir.

Óir is fearr do bhuanghái ná an bheatha.
Fógróidh mo bheola do mholadh.                      
     Freagra

3. Mar sin a bheannóidh mé thú le mo bheo;
i d’ainmsé a thógfaidh mé mo lámha.
Líonfar m’anam mar le fleá,
is molfaidh mo bhéal thú le beola lúcháireacha.  
Freagra

4. Óir tháinig tú i gcabhair orm,
agus gairdím faoi scáth do sciathán.
Tá m’anam ag cloí leat go dlúth,
coinníonn do dheaslámh suas mé.                  
        Freagra

An Dara Léacht                     Rómhánaigh 12:1-2
Déinaigí, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo .

A bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. 2 Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.

Sin é Briathar Dé.

Alleluia Véarsa                   Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia! 

An Soiscéal Dé                      Matha 16:21-27
Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin

San am sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” Ach d’iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”

Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d’fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?

Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”

Sin é Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020