An Chéad Léacht Exodus 34:4-6. 8-9
A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire.
Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d’ordaigh an Tiarna dó. Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis.
Glaoigh sé ar ainm an Tiarna. Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d’fhógair sé: “A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht; Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”
Sin é Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA. Dan 3
Freagra : Le moladh agus le glóiriú de shíor.
1. Is beannaithe thú, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
Is beannaithe é do naomhainm uasal, Freagra: le moladh agus le glóiriú de shíor.
2. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
3. Is beannaithe thú ag iniúchadh na ndubhaigéan, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
4. Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
An Dara Léacht 2 Coirintigh 13:11-13
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
A bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú.
Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh.
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
Sin é Briathar Dé.
An Soiscéal Eoin 3:16-18
Chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol chun go slánófaí an saol tríd.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór singur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann,nach gcaillfí éach go mbeadh an bheatha shioraí aige.
Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saola chuir Dia a Mhac uaidh ar an saolach chun go slánófaí an saol tríd.An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,ach an té nach gcreideann ann,tá daorbhreith tugtha air cheana féin,mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.
Sin é Soiscéal Dé.