Léachtaí an Aifrinn, 12 Samhain 2017 | Baile | Cumann na Sagart 2

CHÉAD LÉACHT 

Sliocht as leabhar  hEagna      6:12-16
Gluaiseann Eagna faoina ndéin gach uair a smaoiníonn siad uirthi.
Is niamhrach domhúchta í an eagna;

na daoine a bhfuil grá acu di,tugann siad faoi deara í gan dua;agus na daoine a bhíonn á lorg,faigheann siad í go furasta.Ligeann sí a haithne roimh réleis na daoine a bhfuil dúil acu inti.An té a éiríonn go moch ar a tóirní bheidh a shaothar in aisce aige,mar gheobhaidh sé í ina suí ag a gheataí.Is é barr na tuisceana é machnamh uirthi;agus an té a dhéanann faire ar a sonis gairid go mbeidh sé saor ó imní.Óir téann sí féin timpeallag lorg a díol de dhaoine;agus le neart dea-mhéinetaispeánann sí í féin dóibh ar na bóithre,agus gluaiseann sí faoina ndéingach uair a smaoiníonn siad uirthi.

Briathar Dé. 

Salm le Freagra                     Sm 62
Freagra  
                                   Ta íota tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.

1. A Dhia, mo Dhia thú;
iarraim thú go dícheallach.
Ta íota tarta ar m’anam chugat,
santaíonn mo cholainn thú
amhail talamh atá tirim is spalptha cheal uisce.       
Freagra

2. Is mar sin a bhím ag breathnú ort sa sanctóir
chun go bhfeicfinn do chumhacht is do ghlóir.
Óir is fearr do bhuanghrá ná an bheatha.
Fógróidh mo bheola do mholadh.                               
Freagra

3. Mar sin a bheannóidh mé thú le mo bheo,
i d’ainmse a thógfaidh mé mo lámha.
Líonfar m’anam mar le fleá,
is molfaidh mo bhéal thú le beola lúcháireacha.     
Freagra

4. Cuimhním ort agus mé ar mo leaba;
i bhfaireacháin na hoíche déanaim machnamh ort.
Óir tháinig tú i gcabhair orm,
agus gairdím faoi scáth do sciathán.                          
Freagra

DARA LÉACHT  
Sliocht as litir N.Pól chuig na Teasalónaigh
            4:13-18

A bhráithre, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás I bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith. Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.

Briathar Dé.  

Comhgháir/Alleluia      Mth 24: 42. 44
Alleluia, alleluia!
Bígí ag faire, dá bhrí sin agus bígí ullamh,
óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha       25:1-13
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta. Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar; mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu, ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí. Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh. Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’ D’éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí. Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n-olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’ D’fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b’fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’ Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras. Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A thiarna, a thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’ Ach d’fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’ Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020