AN DARA DOMHNACH DEN CHAISC
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 2:42-47
Agus an méid a chreid, bhídís i bhfochair a chéile, agus bhíodh gach ulle núí I gcomhar acu.
Chloígh na bráithre seasmach le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.
Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid.
Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile lemóráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Tugaigí buíochas den Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.
Malairt freagra : Alleluia
I. Bíodh teaghlach Isráél á rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Bíodh teaghlach Árón á rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Abradh an dream lerb eagal an Tiarna: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn, ach chuidigh an Tiarna liom. Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach: is é a thug slán mé. Cluintear gártha lúcháire is caithréime i bpubaill na bhfíréan. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di. Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é. Is é seo an lá a rinne an Tiarna: bíodh áthas is gliondar orainn. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 1:3-9
D ‘athghin sé sinn trí aiséirI losa Críost ó mhairbh, ionas go mbeadh beomhuinín againn.
Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D’athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis. Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré. Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, d’fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór – rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é – ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha, agus slánú bhur n-anam á ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh.
Alleluia Véarsa Eoin 20:29
Alleluia, Alleluia!
‘De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú,’ a deir an Tiarna.
‘Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:19-31
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, tháinig Íosa.
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas leheagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo:
“Síocháin daoibh!”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís:
“Síocháin daoibh!Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.”
Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:
“Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh;na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.”
Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.” Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!” Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.” D’fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”Dúirt Íosa leis:
“De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”
Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.
Soiscéal Dé