CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Chéad Leabhar na Rithe 3:5. 7-12
An rud a d’iarr tú ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt.
I nGibeón nocht an Tiarna é féin i mbrionglóid oíche do Sholamh.
Dúirt Dia: “Cibé rud is mian leat a fháil uaim, iarr orm é.” Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m’athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí. Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas. Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d’fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?” Ábhar sásaimh ab ea é don Tiarna gur iarr Solamh a leithéid seo. Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d’iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d’iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt, déanaim duit ar an toirt mar a d’iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 144
Freagra : Á, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna.
1. Dúirt mé, a Thiarna: ‘Gurbh í mo chuiddo bhriathra a choimeád.’Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilséná ór agus airgead. Freagra
2. Bíodh do bhuanghrá láimh liom, do m’fhortachtde réir do ghealltanais do do ghiolla.Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé,óir is aoibhinn liom do dhlí. Freagra
3. Uime sin is ansa liom d’aitheantaná an t-ór is glaine.Is uimé a chloígh mé le do phroiceapta uiletoisc gur fuath liom an tslí bhréagach. Freagra
4. Is iontach iad go dearfa d’fhorálacha:uime sin comhlíonann m’anam iad.Túgann foilsiú do bhriathair solas dúinnagus teagasc do lucht aineolais. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:28-30
Cheap Dia sinn a bheith inár macasamhía dá Mhac
A bhráithre,tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle. Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre. Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a d’fhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 15: 15
Alleluia, alleluia!Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna,óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:44-52
Dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
S an am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d’aimsigh é d’fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d’imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt. Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu. Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
“Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis. Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
Soiscéal Dé.
________________
Soiscéal gearr
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:44-52
Dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d’aimsigh é d’fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d’imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
Soiscéal Dé.