Léachtaí an Aifrinn, 13 Nollaig 2020 

AN TRÍÚ DOMNACH DEN AIDBHINT

 CHÉAD LÉACHT          

Sliocht as an fáidh Íseáia             61:1-2. 10-11
Gáirim le gairdeas sa Tiarna

Tá spiorad an Tiarna Dia orm
de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan,
chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile,
chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite,

chun cead a gcos a fhógairt do na cimíagus fuascailt do phríosúnaigh;

chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna,

“Gáirim le gairdeas sa Tiarna,tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phóstanó brídeach á maisiú féin lena seoda.Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamharfíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”

Briathar Dé.  

Salm le Freagra                 Lc 1
Freagra                                  Tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.

I. Mórann m’anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas inDia mo Shlánaitheoir. .
Óir dhearc sé Ie fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. 
 Freagra

2. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom
agus is naofa a ainm,
agus a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh séo ar a mbíonn a eagla.                                                       
Freagra

3. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D’fhóir sé ar Isráél a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire.                                                 
Freagra

DARA LÉACHT          

Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Teasalónaigh         5:16-24
Go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna.

A bhráithre, 

bíodh lúcháir oraibh i gcónaí. Bígí ag guí gan staonadh agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost.

Ná múchaigí an Spiorad; ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla. Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith agus seachnaígí gach aon sórt oilc.

Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost. Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin.

Briathar Dé.  

Alleluia                                    Lc 4: 18
Alleluia, alleluia!Tá Spiorad an Tiarna orm.Chuir sé uaidh méag tabhairt an dea-scéil do na bochta.Alleluia!

SOISCÉAL                 

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin           1:6-8. 19 -28
Tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh.

Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia,agus Eoin a ba ainm dó.Tháinig sé ag déanamh fianaisechun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolaischun go gcreidfeadh cách tríd.Níorbh é féin an solasach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.

Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de: “Cé hé thusa?” D’admhaigh sé agus níor shéan agus d’admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.” D’fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d’fhreagair: “Ní mé.” Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? – chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?” Dúirt sé:

“Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna.’

Mar a dúirt Íseáia fáidh.” Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí, agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.” I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020