Léachtaí an Aifrinn, 20 Nollaig 2020

CÉAD LÉACHT       

Sliocht as an dara leabhar  Samuél       7:1-5. 8-12. 14. 16
Seasfaidh theaghlach Dáiví a i gcónaí go daingean romham.

A luaithe a bhí an rí Dáiví socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall, dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!” Dúirt Nátán leis an rí: “Imigh agus déan an uile ní is áil le do chroí, óir tá an Tiarna leat.” An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:

“Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí? Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth. Le linn mo chuid taistil go léir le pobal uile Iosrael, an ndúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: “Cén fáth nár thóg tú teach céadrais dom?’” Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal. Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse. Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot. Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n-adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas. (Eisean a thógfaidh teach do m’ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo. Beidh mé i m’athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna. Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat. Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’”

Briathar Dé.  

Salm le Freagra                   Sm 88
Freagra                                    Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.

1. Canfaidh mé de shíor faoi bhuanghrá, a Thiarna.
fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
Óir daingníodh do bhuanghrá go síoraí
agus tá do dhílseacht chomh buan leis na flaithis.  
Freagra

2. Cheangail mé conradh le m’fhear tofa.
Dhearbhaigh mé do Dháiví, mo sheirbhíséach:
‘Socróidh mé do shliocht ar feadh na síoraíochta,
agus bunóidh mé do ríchathaoir go síoraí’                 
Freagra

3. Déarfaidh sé liom: ‘Is tú m’athair,
is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
Coinneoidh mé mo bhuanghrá dó go síoraí,
agus séasfaidh mo chonradh leis go daingean.          
Freagra

DARA LÉACHT    

 Sliocht as litir N.Pól chuig na Rómhánaigh       16:25-27


An dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta tá sé  nochta anois.

Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d’fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh. Moladh le Dia, an t-aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Amen.

Briathar Dé.  

Alleluia                                  Lc 1:38
Alleluia, alleluia!
Féach mise banóglach an Tiarna:
déantar liom de réir d’thocail.
Alleluia!

SOISCÉAL                    

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Lúcás            1:26-38
Féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac.

Cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b’é ab ainm don mhaighdean, Muire. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt:

“Sé do bheatha, a

tá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.” Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo. Ach dúirt an t-aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d’fhear chéile?” Agus dúirt an t-aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.” Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d’fhocail.” Agus d’imigh an t-aingeal uaithi.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020