CÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar An Apacailipsis 7:2-4. 9-14
Chonaic mé mathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga
Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir, agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.” Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.
Ina dhiaidh sin b’shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir le haon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha. Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!” Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé á rá: “Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.”
Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: “Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?” Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 23
Freagra A leithéid siúd a bhíonn ar do thóir, a Thiarna.
I. Leis an Tiarna an chruinne agus a bhfuil inti;an domhan go léir agus a maireann ann.
Is é fein a bhunaigh ar an aigéan é,
agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é. Freagra
2. Cé a rachaidh suas ar chnoc an Tiarna?Cé a bheidh ina sheasamh ar a láthair naofa?An té a bhfuil lámha gan smál agus croí glan aige,an té ar beag air nithe gan tairbhe. Freagra
3. Beidh beannacht an Tiarna ar an té sinagus luahh saothair ó Dhia a shlánaitheoir.A leitheid siúd a bhíonn á lorg,a bhíonn ar thóir Dhia Iácób. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir Naomh Eoin 3:1-3
Feicimid Dia mar a tá sé.
A clann ionúin, breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean. chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé. Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Mth 11: 28
Alleluia, alleluia!
Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh,
agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha 5:1-12
Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.
San am sin nuair a chonaic Íosa na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.“Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.“Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.“Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.“Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.“Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir isleo ríocht na bhflaitheas.“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa. ‘Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh’.
Soiscéal Dé.