AN CHÉAD LÉACHT Gníomhartha na nAspal 4:32-35
Ar aon chroí agus ar aon anam.
Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu. Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá.
SALM LE FREAGRA. Sm 117
Freagra : Tugaigí buíochas den Tiarna teisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shíor.
Malairt freagra : Alleluia
I. Bíodh teaghlach Isráél á rá:
‘Maireann a ghrá de shíor.’
Bíodh teaghlach Árón á rá::
‘Maireann a ghrá de shíor.’
Abradh an dream lerb eagal an Tiarna:
‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an tiarna go tréan:
is í a dheaslámh a d’ardaig mé.
Ní éagfaidh mé- mairfidh mé
agus inseoidh mé a mhóréachtaí.
Smachtaig an Tiarna go dian mé,
ach níor dhaor sé chun báis mé. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo,
agus is éachtach linne é.
Is é seo an lá a rinne an Tiarna:
bíodh áthas is gliondar orainn. Freagra
AN DARA LÉACHT 1Eoin 5:1-6
Gach a ghintear ó Dhia sáraIonn sé an saol.
Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost
is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh. Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé,
nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.
Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.
Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol
agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.
Cé sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé?
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad.
Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil;
agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.
Alleluia Véars
Alleluia, Alleluia!
‘De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú,’ a deir an Tiarna.
‘Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.’
Alleluia!
AN SOISCÉAL Eoin 20:19-31
Ocht lá ma dhiaidh sin, tháinig losa.
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo:
“Síocháin daoibh!”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís:
“Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise,
táimse do bhur gcursa uaim freisin.”
Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:
“Glacaigí an Spiorad Naomh.
Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh,beidh siad maite dóibh;
na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí,
beidh a bpeacaí coinnithe.”
Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.” Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!” Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.” D’fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”Dúirt Íosa leis:
“De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú.
Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”
Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.