CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 3:13-15. 17-19
Mharaigh sibh údar na beatha, agus thóg Dia ó mhairbh arís é.
Dúirt Peadad leis an bpobal: Thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n-aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor. Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d’iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir. Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. “Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna. Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt. Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 4
Freagra Ardaigh solas go ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta,
a d’fhuascail mé ó mo phianpháis; éist liom go trócaireach. Freagra
2. Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga;
éistfigh an Tiarna an uair a ghlaofaidh mé air. Freagra
3. Is iomaí duine á rá: ‘Cé nochtfaidh nithe fónta dúinn?’
Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna. Freagra
4. Rachaidh mé a luí faoi shuaimhneas: déanfaidh mé codladh go sámh;
óir is tusa amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir N. Eoin 2:1-5
Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní or ár bpeacaine amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.
A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir. Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile. Agus is mar seo atá fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil. An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin. Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Lc 24: 32
Alleluia, Alleluia!A Thiaina Íosa, nocht na scrioptúir dúinn; cuir ár gcroí ar Iasadh ionainnIe linn duit bheith ag labhairt linn.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 24:35-48
Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n éireodh sé ó mhairbh an treas lá.
Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.
Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.” Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d’íosfaí?” Thug siad blúire d’iasc rósta dó. Ghlac sé é agus d’ith ina láthair é.
Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’” Ansin d’oscail sé a n-aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir, agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n éireodh sé ó mhairbh an treas lá, agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Is finnéithe sibhse ar na nithe seo.