SOLLÚNTAS NA TRÍONÓIDE RÓNAOFA
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Deotranaimí 4:32-34. 39-40
Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.
Dúirt Maois leis an bpobal “Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n-aos a d’imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid? Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil? Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? – na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt. Tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é. Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.”
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 32
Freagra Is méanar don phobal a roghnaigh an Tiarna dó féin
1. Is dílis é briathar an Tiarna,
agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart;
tá an talamh lan de bhuanghrá an Tiarna. Freagra
2. Lena bhriathar a rinneadh na flaithis,
Ie hanáil a bhéil na réaltaí go léir.
Labhair sé, agus tharla ann iad.
D’ordaigh sé agus rinneadh amhlaidh. Freagra
3. Feach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás
is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
4. Bíonn ar n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin árgcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Romanaigh 8:14-17
Fuair sibh spiorad na clainne trína nglaoimid Abba nó Athair ar Dhia.
Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad. Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.” Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.
Briathar Dé.
AN SOISCÉAL: Matha 28:16-20
Sular cruthaíodh an domhan, rugadh an Eagna.
San am sin d’imigh an t-aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceáil dóibh d’umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu. Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”
Soiscéal Dé.