CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 10:25-26. 34-35. 44-48
Doirteadh grásta an Spioraid Naoimh amach ar na ciníocha fasta.
Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina airicis agus d’umhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó. Thóg Peadar suas é áfach, á rá: “Éirigh i do sheasamh. Níl ionamsa ach fear ar do dhála féin.”
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.
Ní raibh an méid sin ráite ag Peadar nuair a tháinig an Spiorad Naomh anuas ar a raibh ag éisteacht lena theachtaireacht. Bhí alltacht ar na creidmhigh Ghiúdacha a bhí tagtha in éineacht le Peadar a fheiceáil gur doirteadh tabhartas an Spioraid Naoimh ar na págánaigh freisin, mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé. Ansin labhair Peadar leo: “Cé a d’fhéadfadh uisce a mbaiste a dhiúltú do na daoine seo agus iad tar éis an Spiorad Naomh a fháil chomh maith linn féin?” Agus d’ordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin d’iarr siad air fanacht ina dteannta ar feadh roinnt laethanta.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 97
Freagra D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú do na náisiúin.Malairt Freagra Alleluia!
I. Canaigí amhrán nua don Tiarna
óir rinne sé éachtai.
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa
rug sé bua dó féin. Freagra
2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú
Nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
Ba chuimhin leis a fhírinne is a ghrá
do theaghlach Isráél. Freagra
3. Chonaic críocha uile na cruinne
shlánú ár nDé.
Gairdígí sa Tiarna, a chríocha uile,
agus nocht bhur n-áthas dó. Freagra
AN DARA LÉACHT 1 Eoin 4:7-10
Is é Dia an Grá.
A clann ionúin, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia. An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá. Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean. Seo é an grá – ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 14:23
Alleluia, Alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 15:9-17
Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfadh duine a anam ar son a chairde.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
‘Faoi mar a thug an tAthair grá domsa,thug mise grá daoibhse chomh maith.Fanaigí i mo ghrá.Má choinníonn sibh m’aitheanta,fanfaidh sibh i mo ghrá,faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar,agus a fhanaim ina ghrá.Dúirt mé na nithe seo libhchun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibhagus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.Is í seo m’aithne:sibh a thabhairt grá dá chéile,faoi mar a thug mé grá daoibh.
Níl grá ag aon duine níos mó ná seo
go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.Sibhse mo chairdemá dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.Ach thug mé cairde oraibh,óir gach a gcuala ó m’Athair,chuir mé in iúl daoibh é. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,ach mise a rinne sibhse a thoghadh,agus a cheapadh chun go n-imeodh sibhagus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;i dtreo, cibé ní a d’iarrfadh sibh ar an Athair i m’ainm,go dtabharfadh sé daoibh é.Is iad seo m’aitheanta daoibh:sibh a thabhairt grá dá chéile.’
Soiscéal Dé.