Léachtaí an Aifrinn, 21 Eanáir 2018 | Baile | Cumann na Sagart

CÉAD LÉACHT        

Sliocht as an fáidh  Ióna                          3:1-5.10
Chreid muintir Nínivé i nDia agus thréig siad a ndrochiompar.


Tháinig Briathar an Tiarna go Ióna athuair:  “Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé 

agus fógair ina haghaidh an t-oracal a thabharfaidh mé duit.” D’éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d’ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú. Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t-oracal seo á fhógairt aige: “I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,”nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D’fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.

Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.

Briathar Dé.

Salm le Freagra                         Sm 24
Freagra: Taispeáin do shlite dom, a Thiarna.

I. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna.
agus teagasc dom do rianta.
Treoraigh mé d’fhírinne agus teagasc mé,
óir is tusa, a Dhia, mo Shlánaitheoir.             
  Freagra

2. Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna,
agus ar do bhuanghrá atá ann ó na cianta.
De réir do bhuanghrá cuimhnigh orm,
as ucht do mhaitheasa, a Thiarna.                     
Freagra

3. Is maith is is díreach é an Tiarna.
Uime sin múineann sé an tslí do na peacaigh.
Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht;
múineann sé a shlí don fhear umhal.               
Freagra

DARA LÉACHT                  

Sliocht as an chéad litir N.Pól chuig na 1 Coirintigh      7:29-31
Tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.

I

s é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht;

dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu;

bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus

bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire.

Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                          Mc 1: 15
Alleluia, alleluia!
tá ríocht Dé in achmaireacht.
creidigí sa soiscéal.”
Alleluia!

SOISCÉAL                          

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Marcas         1:14-20
Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.

Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”

Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.” D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbádféin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach. D’fhág siad a n-athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020