Léachtaí an Aifrinn 11 Feabhra 2018 2

CÉAD LÉACHT  

Sliocht as an leabhar Léivític               13:1-2. 45-46
A
ireadh an lobhar ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.

Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.

“An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’ Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.

Briathar Dé.

Salm le Freagra              Sm 31
Freagra            
                   Is tú m’áit folaigh, a Thiarna.
Cuireann tú gártha tarrthála i mo thimpeall.

1. Is beannaithe dár maitheadh a choir,
dár folaíodh a pheaca:
an té nach gcuireann an Tiarna
cion ina leith,
is nach bhfuil cealg ina chroí.       
 Freagra

2. Ach d’admhaigh mé mo pheaca duit cheana
is níor cheil mé m’urchóid.
Dúirt me: ‘Admhóidh mé anois
mo choir don Tiarna.’
Agus thug tú maithiúnas dom, a Thiarna,
mhaith tú mo pheaca.                   
 Freagra

3. Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,
a fhíréana go léir!
Déanaigí aoibhneas agus áthas,
a lucht an chroí dhírigh.                 
Freagra

 

DARA LÉACHT

Sliocht as an chéad litir N.Pól chuig na  Coirintigh     10:31-11:1
Déanaigíse aithrisormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost.


A
 bhráithre, cibé acu dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé. Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d’eaglais Dé. Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad. Déanaigíse aithrisormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                       Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”
Alleluia!

SOISCÉAL 

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        1:40-45
D’fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é.

San am sin tháinig lobhar chuig Íosa ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.”

Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!” D’fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é. Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d’ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.” Ní túisce a d’fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020