Léachtaí an Aifrinn 15 Iúíl 2018

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Amós , Fáidh              7:12-15
Téigh agus tairngir do mo phobal Iosráél.

Dúirt Amaisiá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin. Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.” Dúirt Amós le hAmaisiá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar; ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosráél.’”

Briathar Dé.

Salm le Freagra             Sm 84
Freagra                             
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire agus tabhair dúinn do shlánú.

I. Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia;
déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh.’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe
chun go gcónóidh an ghlóir inar dtír.                   
      Freagra

2. Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht,
phóg an fhíréantacht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an talamh
agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh.  
Freagra

3. Tabharfaidh an Tiarna fós an mhaith,
agus tabhadaidh an talamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach,
agus an tsíocháin i lorg a choiscéimeanna.                 
Freagra

DARA LÉACHT     

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh           1:3-14
Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost.

Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost,a bhronn orainn, i gCríost,gach tabhartas spioradálta sna flaithis.Roimh thúsú an domhainroghnaigh sé sinn i gCríostchun bheith naofa gan locht os a chomhair.Le barr grá dúinnleag sé amach ó thúsde réir mhian a thola féingo mbeimisne inár gclann aigetrí Íosa Críost,i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go frasina Mhac muirneach.Is sa Mhac sin,as ucht a chuid fola,atá ár bhfuascailt faighte againne,maithiúnas ár gcionta,de réir iomadúlacht an ghrástaa roinn sé orainn go fial.Le teann eagna agus gaoise

nocht sé dúinn rún a thola –

de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús

lena chur i gcrích i gCríost,

nuair a bheadh an t-ionú tagtha –

mar atá, an beartas

gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh

a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.

Mar is i gCríost

a roghnaíodh sinne inár n-oidhrí

agus a leagadh amach dúinn,

de réir intinne an té úd

a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin, a bheith ar na chéad daoine

a chuirfeadh a muinín i gCríost

chun moladh agus glóire Dé.

Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin,

nuair a chuala sibhse briathar na fírinne

agus dea-scéal bhur slánaithe,

nuair a chreid sibh ann agus

gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.

Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht

nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi;

chun moladh a ghlóire.

Briathar Dé. 

Alleluia Véarsa             Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

SOISCÉAL                    

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas            6:7-13
Ghlaoigh Íosa an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach.

San am sin ghlaoigh Íosa an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana. D’ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata – arán ná tiachóg ná airgead sa chrios; ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”. Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite. Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.” Agus ar dhul amach dóibh d’fhógair siad aithrí a dhéanamh agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.

Soiscéal Dé

© Cumann na Sagart 2020