Léachtaí an Aifrinn, 8 Iúil 2018

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Ezícéal, Fáidh.     2:2-5
Is sotalach ceanndána an pobal fad; tabharfarle fios dóibh go raibh fáidh ma measc.

 Tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé, agus chuala mé é ag caint liom. “A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d’éirigh amach i m’aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n-aithreacha i m’aghaidh go dtí an lá inniu féin. Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’ Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.

Briathar Dé.

Salm le Freagra               Sm 122
Freagra                                 Faireann ár súile an Tiarna nó go ndéana sé trócaire.

1. Is chugatsa a thógaim mo shúile,
chugatsa a chónaíonn ar neamh,
mar shúile na ndaor ag faire
ar lámh a a dtiarnaí.             
     Freagra

2. Mar shúile na mbanseirbhíseach ag faire
ar lámha a máistreása
faireann ár shúile an Tiarna ár nDia
nó go ndéana sé trócaire.          
Freagra

3. Déan trócaire, a Thiarna, déan trócaire,
óir fuaireamar ár sáith den dímheas.
De dhímheas lucht díomais agus saibhris
is dóthanach ár nanam.      
      Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh    12:7-10
Maífidh mé go fonnmhar as mo laigí, ionas go lonnódh cumhacht Chríost orm.

bhráithre, sula gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm. D’agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom, ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm. Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                    Eo 1: 14. 12

Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL                   

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas         6:1-6
Ní bhlonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin.

San am sin tháinig Íosa ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.” Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas, agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh.

Soiscéal Dé

© Cumann na Sagart 2020