Léachtaí an Aifrinn, 16 Meán Fómhair 2018

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh       50:5-9
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte

An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.

Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,níor theann mé ar gcúl.Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailteagus mo ghruanna leo siúd a bhíag piocadh na féasóige asam;níor cheil mé mo ghnúisar mhasla ná ar sheile.

Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,
is é sin an fáth nach mothaím an masla.Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar.An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm?Tagaimis beirt i láthair, má tá.An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm?Seasadh sé chugam amach!

Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom,cé a thabharfadh ciontach mé?

Briathar Dé.

Salm le Freagra                      Sm 114
Freagra                                      Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.

Malairt Freagra                     Alleluia!

I.  Alleluia!
Ta grá agam don Tiarna
toisc gur chuala sé glór mo ghuí
agus toisc gur chlaon sé chugam a chluas
an lá ar ghlaoigh mé air.                           
Freagra

2. Chrioslaigh téada an bháis mé
agus tháinig líonta ifrinn anuas orm
gur thit mé in angar is in anacra.
Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.
A Thiarna, tarrthaigh m’anam!               
Freagra

3. Is ceansa an Tiarna is is cóir,
is trócaireach é ár nDia.
Cosnaíonn an Tiarna lucht na simplíochta.
Bhí mé go hainnis agus shábháil sé mé. 
 Freagra

4. Sciob sé m’anam ón mbás,
mo shúile ó dheora, mo chosa ó thuisleadh.
Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna
i ndúiche na mbeo.                                     
Freagra

DARA LÉACHT     

Sliocht as Litir Naomh Séamus               2:14-18
Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.

Cén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil? Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu, agus go ndeir duine agaibhse leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é? Sé a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.

Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.

Briathar Dé. 

Alleluia Véarsa            Eo 14:5,

Alleluia, alleluia!
‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna:
‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia!   
              

SOISCÉAL               

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas     8:27-35
Is tú an Críost.

San am sin d’imigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCéasaráia Philib, agus sa tslí dóibh d’fhiafraigh sé dá dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine mise?” Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.” D’fhiafraigh sé díobh: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Is tú an Críost.” Agus d’ordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine.

Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó. Ach d’iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”

Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.

Soiscéal Dé

© Cumann na Sagart 2020